Skip to main content
Normal View

Project Ireland 2040

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018

Wednesday, 28 February 2018

Questions (17)

Éamon Ó Cuív

Question:

17. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén aighneacht a rinne sí maidir leis an gcreat pleanála náisiúnta, Tionscadal 2040, agus an plean forbartha náisiúnta, Tionscadal 2040, do na ceantair Ghaeltachta agus do na hoileáin; an bhfuil sí sásta leis na forálacha sa chreat agus sa phlean forbartha naisiúnta maidir leis an nGaeltacht agus na hoileáin; an bhfuil ceist curtha aici maidir leis an easpa leagan Gaeilge den dá phlean a bheith ar fáil ar an lá a foilsíodh iad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10192/18]

View answer

Oral answers (8 contributions)

Ba mhaith liom fios a fháil ón Aire ar cén aighneacht a rinne sí maidir leis an gcreat pleanála náisiúnta agus an plean forbartha náisiúnta go dtí 2040. Chomh maith leis sin, an ndearna sí aon ghearán maidir leis an sárú dlí a bhí i gceist gan leagan Gaeilge a bheith ar fáil ag an am céanna leis an leagan Béarla?

Mar is eol don Teachta, d’fhógair an Rialtas an tseachtain seo imithe thart go mbeadh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda as seo go ceann deich mbliana mar chuid den phlean forbartha náisiúnta. Anuas air sin, tá aitheantas láidir tugtha don phróiseas pleanála teanga atá ar bun faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 sa chreat náisiúnta pleanála agus é mar sprioc náisiúnta pholasaí go dtacófar le cur i bhfeidhm an phróisis sin.

Leagtar amach sa phlean cuspóiri an Rialtais maidir le hinfheistíocht i gcultúr, i dteanga agus in oidhreacht na hÉireann ós rud é go n-aithnítear go bhfuil bonneagar ardchaighdeáin an-tábhachtach le go mbeidh cultúr láidir, bisiúil ann a bhfuil an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin mar chuid lárnach agus sainiúil de, ar ndóigh. San áireamh mar chuid den phlean, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana agus go gcuirfear airgead breise isteach sa chlár tacaíochtaí pobail agus teanga atá á riar ag mo Roinn mar thaca breise don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Sa chomhthéacs sin, ní miste a nótáil chomh maith go bhfuil buiséad na Roinne don phleanáil teanga méadaithe ó €1.25 milliún anuraidh go dtí €2.65 milliún i mbliana, rud a fhágann go bhfuil ardú bliain i ndiaidh bliana curtha ar fáil chun tacú le feidhmiú an phróisis ó thosaigh sé in 2014. Ina theannta sin, tugtar gealltanas sa phlean go bhforbrófar ionaid Ghaeilge agus chultúir i líonraí Gaeilge agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta atá mar chuid thábhachtach den phróiseas pleanála teanga. Tá i gceist faoin bplean chomh maith go bhforbrófar lárionad Gaeilge agus cultúir i gcathair Bhaile Átha Cliath. Cinnteoidh an infheistíocht seo go ndéanfar tuilleadh treisithe ar an Ghaeilge ar bhonn náisiúnta agus go ndéanfar é sin tríd an bpróiseas pleanála teanga atá ag croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Eolas breise nár tugadh ar úrlár an Tí

Lena chois sin, tá beartaithe go ndéanfar tuilleadh forbartha ar bhonneagar oileánda, go háirithe ar Inis Oírr agus Inis Meáin chomh maith le forbairt ar an gcé ag Machaire Rabhartaigh agus ar bhád farantóireachta nua le go mbeidh freastal níos fearr déanta ar Thóraí.

Is sa bhreis ar an réimse leathan clár, scéimeanna agus tionscnamh atá idir lámha ag mo Roinn cheana féin, i gcomhar le forais ábhartha eile Stáit, a bheidh an plean infheistíochta caipitil seo á chur i bhfeidhm, ar ndóigh, ar leas phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán araon. Táim sásta, dá réir, lena bhfuil sa phlean agus sa chreat mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin.

Is ceist don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil í foilsiú an dá cháipéis seo. É sin ráite, tuigfidh an Teachta go bhfuil Bille á dhréachtú faoi láthair agus a bheidh á fhoilsiú le linn an téarma seo, a dhéanfaidh treisiú ar fhorálacha Acht na dTeanga Oifigiúla 2003.

Sa mbliain 2008 bhí ollcaiteachas vótála ag an Stát de bheagnach €62 billiún. Sa mbliain 2018 beidh an ollcaiteachas mórán mar a chéile agus é beagnach €62 billiún. An difríocht atá ann ná an difríocht ó thaobh caiteachas caipitil ar an nGaeltacht, ar na hoileáin agus ar Údarás na Gaeltachta. Chaith an Rialtas €71 milliún sa mbliain 2008. I mbliana, áfach, caithfidh an Rialtas €10 milliún - an seachtú cuid. Tá an tAire Stáit ag déanamh gaisce inniu as €107 milliún a chaitheamh as seo go dtí 2027. Nach gceapann an tAire Stáit gur laghdú ollmhór caiteachais é sin ar an nGaeltacht? An bhfuil casadh déanta ag an Aire Stáit leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis an easpa tacaíochta agus tosaíochta atá á thabhairt don Ghaeltacht, do na hoileáin agus don Ghaeilge ó thaobh chaiteachas an Rialtais de?

Tabharfaidh mé freagra sciobtha. Bhí laghdú ollmhór thar na blianta a chuaigh thart ó 2008 go 2014 maidir leis an airgead a bhí ar fáil fá choinne na rudaí caipitil i Roinn na Gaeltachta. Tháinig suas go €10 milliún isteach i mbliana agus beimid ag dul ó chéim go céim le linn na deich mbliana go dtí €17 milliún fá choinne an caipiteal amach anseo. Tá difear mór ann anois ach an rud is mó maidir leis an bplean deich mbliana ná go bhfuil mé ag cur ar fáil airgid agus tacaíochta fá choinne staidéar féidearthachtaí i gceantair Ghaeltachta éagsúla i gContae na Gaillimhe, i gContae Dhún na nGall agus i gContae Chiarraí, mar shampla. B'fhéidir go bhfuil togra ar intinn an Teachta féin maidir leis na ceantair agus beidh ról lárnach ag na daoine a bheidh ag obair ar an bpleanáil teanga maidir le tograí a bhaint amach. Beidh seans ansin. An difear is mó ná an plean a chur le chéile. Bhí cruinniú dearfa ag an Aire sinsearach, an Teachta Josepha Madigan, agus mo chuid oifigigh an tseachtain a chuaigh thart maidir leis an phlean a chur le chéile amach anseo agus laistigh de cúig bliana nó deich mbliana. Beidh sé níos fearr dá réir.

An ndearna an tAire Stáit gearán nár foilsíodh an leagan Gaeilge den phlean ag an am céanna leis an leagan Béarla? An bhféadfadh an tAire Stáit a mhíniú cén fáth nach bhfuil aon tagairt ar chor ar bith sa gcreat pleanála náisiúnta maidir le pleanáil fisiciúil sa Ghaeltach. Cad faoin dochar a dhéanfaidh na pleananna atá i gceist maidir le tithíocht aonair agus an srian a chuirfear air sin ar fhorbairt agus ar fhás na Gaeltachta? Chomh maith leis sin, cén fáth nach bhfuil aon phlean le cosaint a thabhairt don Ghaeltacht is láidre sa tír - an ceann i nGaillimh - de bharr an brú a thiocfaidh air mar gheall ar mhéadú cathair na Gaillimhe? Níl tagairt ar bith don chontúirt a bhaineann leis sin. An bhféadfadh an tAire Stáit, atá freagrach as an nGaeltacht, cén fáth nach ndearna sé cosaint níos fearr ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht sa gcás seo?

Bhí cúpla ceist ansin. Bhain ceann amháin dóibh leis an leagan Gaeilge ag an lainseáil cúpla seachtain ó shin. Is ceist don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil í foilsiú an cháipéis seo. É sin ráite, tuigfidh an Teachta go bhfuil Bille á dhréachtú faoi láthair agus a bheidh á fhoilsiú le linn an téarma seo a dhéanfaidh treisiú ar fhorálacha Acht na dTeanga Oifigiúla 2003. Tuigim go mbeidh lainseáil na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta amárach curtha ar ceal ach beidh an leagan Béarla ar fáil.

An leagan Béarla-----

Bhain an dara ceist leis an ngealltanas don teanga agus do na dreamanna a bheidh lonnaithe sna Gaeltachtaí is láidre sa tír, cibé é sin an Ghaeltacht i nGaillimh nó i dTír Chonaill. An cloch is mó ar mo phaidrín an chéad lá a tháinig mé isteach sa phost seo ná an pleanáil teanga. Cibé Cois Farraige, Machaire Rabhartaigh, Gaoth Dobhair nó Rann na Feirste atá ag déanamh an phlean fá dtaobh den obair chaipitil sa cheantar, beidh an t-airgead agus an tacaíocht ar fáil.

Top
Share