Skip to main content
Normal View

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018

Wednesday, 28 February 2018

Questions (27)

Éamon Ó Cuív

Question:

27. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad airgid a chuir sí ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta tríd Údarás na Gaeltachta in 2016 agus 2017; cé mhéad den airgead sin a chaith an t-údarás sa dá bhliain sin faoi seach; cé mhéad atá curtha ar fáil do na heagraíochtaí seo don bhliain 2018; cén ardú a bheidh i gceist do gach eagraíocht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9807/18]

View answer

Oral answers (5 contributions)

Táimid ag iarraidh am a shábhail chun dhá cheist i nGaeilge a ghlacadh.

Mar is eol don Teachta Ó Cuív, is tríd phróiseas na Meastachán agus na cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fho-mhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht sin a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúraimí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúraimí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga agus le forbairt pobail araon.

Ina thaobh sin, is €3 milliún agus €3.25 milliún a cuireadh ar fáil don údarás faoin bhfómhír áirithe seo in 2016 agus 2017 faoi seach. Ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.35 milliún curtha ar fáil don údarás faoin bhfómhír seo do 2018. Is ionann sin agus allúntas reatha breise de €100,000 i mbliana.

Maidir leis na comharchumainn Ghaeltachta agus na heagrais phobalbhunaithe, cuireann Údarás na Gaeltachta deontais reáchtála ar fáil dóibh chun a gcláir fhorbartha a chur i bhfeidhm agus cuidiú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostas a chlúdach. Seo a leanas an briseadh síos ar an gcúnamh ar fad a d’íoc Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn Ghaeltachta agus na heagrais phobalbhunaithe le cuidiú airgid na Roinne in 2016 agus 2017.

Ainm

2016

2017

Nótaí

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

84,000

87,000

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo

28,750

89,250

Bhain €28,750 a íocadh in 2017 le 2016.

Comharchumann Oileán Thoraí Teo

84,000

87,000

Pobal Eascarrach Teo

33,000

36,000

Comharchumann na nOileán Beag Teo(Ancaire)

40,000

32,000

Íocadh €8,000 in 2016 a bhain le 2015

Lár Chomhairle Pharóiste Ghleann Teo

23,865

73,874

Bhain €23,865 a íocadh in 2017 le 2016.

Céim Aniar Teo

54,000

57,000

Iomlán Dhún na nGall

347,615

462,124

Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo

69,000

71,000

Comhar Dún Chaocháin Teo

41,000

44,000

Coiste Cultúr Teanga & Forbartha Tuar Mhic Éadaigh Teo

31,350

35,000

Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Teo

46,250

60,000

Íocadh €10,000 breise leo chun dul i ngleic le costais a thit ar an gcomharchumann de bharr an tragóid a bhain le hingearán R116.

Iomlán Mhaigh Eo

187,600

210,000

Comharchumann Shailearna Teo

57,775

60,000

Comharchumann Forbartha Árann Teo

90,750

94,000

Comhlacht Forbartha an Spidéil CTR Teo

31,350

35,000

Comhairle Ceantar na nOileán Teo

48,000

51,000

Comhar Caomhán Teo

88,000

87,000

Bhí sciar i gcomhair pinsin nár íocadh in 2017.

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo

54,000

57,000

Comhar Chuigéal (Leitir Mealláin) Teo

30,000

35,000

Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo

23,513

42,837

Bhain €7,850 a íocadh in 2017 le 2016.

Forbairt Chonamara Láir Teo

52,000

56,000

Comharchumann Mhic Dara Teo

52,000

56,000

Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR Teo

30,000

75,000

Bunaíodh Comhlacht Forbartha Inis Meáin in 2016. Níor íocadh deontas iomlán leo sa mbliain sin.

Iomlán Ghaillimh

557,388

648,837

Comharchumann Ráth Chairn Teo

54,000

57,000

Iomlán na Mí

54,000

57,000

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo

71,000

71,000

Comharchumann An Leith Triúigh Teo

52,225

57,000

Forbairt na Dromoda Teo

46,000

48,000

Comhchoiste Gaeltachtaí Chiarraí Theas Teo

53,500

58,000

Iomlán Chiarraí

222,725

234,000

Comharchumann Chléire Teo

84,000

87,000

Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo

42,200

47,000

Iomlán Chorcaí

126,200

134,000

Comhlucht Forbartha na nDéise Teo

50,000

52,000

Iomlán Phort Láirge

50,000

52,000

Móriomlán

1,545,528

1,797,961

Tuigim ón Údarás nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord go fóill maidir le leithdháileadh a dhéanamh ar an soláthar méadaithe atá curtha ar fáil i mbliana.

Tá an tAire Stáit ag rá mar sin, gur cuireadh €100,000 breise ar fáil faoin bhfomhír sin. Tá 32 eagraíocht pobalbhunaithe agus chomharchumann ann. Is ionann sin agus €3,000 breise dóibh. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil deontas dóthanach acu lena ngnó a dhéanamh go héifeachtach nuair a chuirtear é i gcomparáid, mar shampla, leis an deontas a íoctar leis na community development programmes, CDPs?

Tá cuidiú de dhíth amach anseo. Cinnte, tá 32 eagraíocht i gceist. In 2016, bhí €347,615 ar fáil i mo chontae féin, Dún na nGall, agus in 2017, bhí €462,124 ar fáil. I Maigh Eo bhí €187,600 ar fáil in 2016, agus bhí €210,000 ar fáil in 2017. I gceantar an Teachta féin i nGaillimh, bhí €557,388 ar fáil in 2016, agus bhí €648,837 ar fáil in 2017. Sin na figiúirí faoi choinne 2016 agus 2017. Tuigim ón údarás nach bhfuil cinneadh déanta ag an mbord go fóill maidir le leithdháileadh a dhéanamh ar an tsoláthar.

Tá go maith. Tá an t-am istigh. Úsáidfimid an cúpla bomaite atá fágtha chun dul ar aghaidh go tapaidh go dtí Ceist Uimh. 28 in ainm an Teachta Catherine Connolly.

Top
Share