Skip to main content
Normal View

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 March 2018

Wednesday, 21 March 2018

Questions (205)

Éamon Ó Cuív

Question:

205. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar airgead chun síneadh a chur le scoil agus chun athchóiriú a dhéanamh uirthi freisin; cén fáth a bhfuil moill leis an gceadú sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13122/18]

View answer

Written answers

Cheadaigh mo Roinn deontas suntasach cineachta i mí Mheán an Fhómhair 2014 don scoil atá igceist le haghaidh síneadh buan agus oibreacha athchóirithe a d’éascódh le gach foirgneamh réamhdhéanta a bhaint ó shuíomh na scoile.

Tá mo Roinn ag fanacht le tuilleadh eolais maidir le scóip mhéadaithe na n-oibreacha. Déanfar an cheist a scrúdú níos mó nuair a fhaigheann mo Roinn an t-eolas agus nuair a dhéanfar measúnú air.

Top
Share