Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 March 2018

Wednesday, 21 March 2018

Questions (349)

Éamon Ó Cuív

Question:

349. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag a Roinn aon ardú a dhéanamh ar an deontas a íoctar leis na Mná Tí/Fir Tí a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. [13169/18]

View answer

Written answers

Faoi mar is eol don Teachta, íocann mo Roinnse deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh cháilithe a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas le linn dóibh a bheith ag freastal ar choláistí Gaeilge aitheanta fud fad na Gaeltachta.

Ós rud é gur ardaíodh an deontas laethúil atá iníochta faoin scéim go dtí €10 in 2017 - an chéad ardú le sé bliana - níl sé i gceist an deontas a ardú arís i mbliana.

Top
Share