Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 March 2018

Thursday, 29 March 2018

Questions (15)

Peadar Tóibín

Question:

15. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé buartha faoin gcéim siar atá tugtha don Ghaeilge labhartha ar shiollabas na Gaeilge don Teastas Sóisearach; cén tionchar a bheidh aige seo ar chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10094/18]

View answer

Written answers

Tá an Roinn fós tiomanta chun úsáid na Gaeilge labhartha a spreagadh. Bainfidh na daltaí an-leas as an taithí foghlama a dtacaítear leis sna sonraíochtaí don tSraith Shóisearach nua don Ghaeilge a ndearna taighde forleathan lena haghaidh. Ina theannta sin, rinne an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhordú ar phróiseas leathan comhairliúcháin a chuir an-chuid eolais ar fáil don fhorbairt, lena n-áirítear tuairimí na múinteoirí agus na ndaltaí.

Den chéad uair, tá dhá shonraíocht ann don ábhar - T1 agus T2 (Teanga 1 agus Teanga 2). Tá sonraíocht T1 ann do na daltaí sin a dhéanann staidéar ar a gcuid ábhar uile trí mheán na Gaeilge agus tá sé beartaithe go gcuirfear ar fáil iad i nGaelcholáistí, i scoileanna i gceantair phleanála Gaeltachta agus in Aonaid Lán-Ghaeilge. Tá an tsonraíocht T2 beartaithe le húsáid i scoileanna a oibríonn trí mheán an Bhéarla.

Cuireann an dá shonraíocht béim shuntasach ar an nGaeilge mar theanga labhartha. Léirítear é seo sna sraitheanna comhtháite, a chuireann struchtúr ar eispéiris foghlama na ndaltaí le linn na dtrí bliana den tsraith shóisearach - Cumas Cumarsáide, Teanga agus Feasacht Chultúrtha agus Féinfheasacht an Fhoghlaimeora. Roimhe seo bhí an scrúdú cainte roghnach agus rinne níos lú ná aon trian de na daltaí é. Ar an láimh eile, éilíonn na socruithe measúnaithe nua ar gach dalta dul i mbun measúnaithe maidir lena gcuid scileanna cainte féín trí mheasúnú sa seomra ranga. Tugann sé seo deis níos fearr do gach dalta scileanna inniúlachta i labhairt na teanga a fhorbairt agus a fheabhsú agus a gcumas a chothú chun an Ghaeilge a úsáid.

Féachann na sonraíochtaí seo le soláthar oideachais ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i measc daoine óga agus i bpobail scoile Gaeltachta a spreagadh, agus cabhróidh sé le go leor cuspóirí a bhaineann le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Top
Share