Éamon Ó Cuív
Question:500. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí pobal na Gaeilge i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath a chosaint ó dhochar a d'fhéadfadh tógáil MetroLink a tharraingt orthu, ó tharla go bhfuil sé beartaithe suíomh mór tógála a thógáil in aice le Scoil Mobhí agus Scoil Chaitríona; an raibh comhráite aici le pobal Gaeilge na háite faoin gceist agus leis an Aire Iompair agus le BIÉ; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20009/18]
View answer