Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 May 2018

Wednesday, 16 May 2018

Questions (230)

Peadar Tóibín

Question:

230. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad cruinniú a bhí ag an gCoiste Comhairleach a bunaíodh in 2014 chun comhairle agus aiseolas a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, san iomlán ó bunaíodh é; agus cé mhéad cruinniú a bhí ag an gCoiste Comhairleach sa bhliain 2014, 2015, 2016, 2017 agus 2018. [21508/18]

View answer

Written answers

Tá na sonraí atá iarrtha ag an Teachta maidir le líon na gcruinnithe a bhí ag an gCoiste Comhairleach leagtha amach sa tábla a leanas:

Bliain

Líon cruinnithe

2014

3

2015

1

2016

0

2017

1

2018

Tá beartaithe cruinniú a thionól go luath.

Iomlán

5 go dáta

Top
Share