Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 June 2018

Thursday, 21 June 2018

Questions (25)

Pat the Cope Gallagher

Question:

25. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici maoiniú a sholáthar d'oileáin i nDún na nGall maidir le bóithre poiblí ar na hoileáin éagsúla; an ndeimhneoidh sí an bhfuil allúntas leagtha amach i mbuiséad na Roinne i mbliana dó sin, agus an mbeidh allúntas breise ar fáil d'oileáin i mbuiséad 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26836/18]

View answer

Written answers

Tugann mo Roinn cuireadh bliantúil do Chomhairlí Chontae a bhfuil oileáin faoina gcúram iarratas a chur chuici ar chomh-mhaoiniú do thograí mionoibreacha ar na hoileáin úd.  Áirítear cúnamh do bhóithre poiblí i measc na dtograí i gceist.  Sa bhliain 2017, chuir mo Roinn chomh-mhaoiniú de €450,750 ar fáil do Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir le mionoibreacha ar oileáin faoina cúram.  Tá na hiarratais atá faighte ag mo Roinn i leith chlár mionoibreacha 2018 do na hoileáin á meas faoi láthair.   

Níl an buiséad a bheidh ar fáil do mo Roinn do thograí caipitil ar na hoileáin in 2019 socraithe fós ach is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mé féin agus mo Roinn tiomanta d'fhorbairt infrastrachtúr n-oileán amach ón gcósta.

Top
Share