Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Questions (512)

Aindrias Moynihan

Question:

512. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27801/18]

View answer

Written answers

Tá roinnt oifigigh i mo Roinn atá ábalta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Tá beirt oifigeach fostaithe i mo Roinn a earcaíodh ón tsruth Ghaeilge i gcomórtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a bhain le hOifigigh Chléireachais agus le hOifigigh Fheidhmiúcháin; chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge. Cuireann an bheirt acu seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ach tá dualgaisí breise acu chomh maith.

Top
Share