Níl Oifigeach Gaeilge ceaptha ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Tá freagracht, áfach, ar an Aonad Pleanála Corparáidí as faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiúchán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Scéim Teanga na Roinne 2015-2018. Feidhmíonn an tAonad mar rannóg idirchaidrimh le hOifig an Choimisinéara Teanga agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus cuireann an tAonad tuairiscí agus eolas eile ar fáil de réir mar is gá.
Mar chuid dá fheidhm faireacháin, tugann an tAonad Pleanála Corparáidí faoi roinnt áirithe cúraimí:
- Déantar forfheidhmiúchán ghealltanais na Roinne sa Scéim Teanga a athbhreithniú gach bliain – ba i Mí na Nollag 2017 a tugadh an t-athbhreithniú ba dhéanaí chun críche;
- Coinnítear liosta, in ord aibítre de réir an tsuímh, de shonraí teagmhála na mball foirne a bhíonn toilteanach seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil;
- Eisítear fógraí gach ráithe chuig an bhfoireann ar fad, chun dualgais na Roinne a chur i gcuimhne dóibh maidir le bheith ag déileáil le custaiméiri ar mian leo plé le seirbhísí na Roinne trí Ghaeilge;
- Cinntítear go gcuirtear na dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoin Scéim ar a súile don fhoireann i gcúrsaí ábhartha oiliúna na foirne lena n-áirítear cúrsaí intreorach d'iontrálaithe nua agus cúrsaí oiliúna do bhainisteoirí;
- Déantar suirbhéanna ar ár n-oifigí a bhíonn ag plé aghaidh ar aghaidh lenár gcustaiméirí chun leibhéal agus cineál na seirbhíse a bhíonn ar fáil trí Ghaeilge a chur in iúl agus
- Tuairiscítear faoi sheachadadh na seirbhísí trí Ghaeilge agus faoi fhorfheidhmiúchán na Scéime inár dTuarascáil Bhliantúil.