Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 September 2018

Thursday, 20 September 2018

Questions (254)

Éamon Ó Cuív

Question:

254. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an méid airgid a ceadaíodh i mbliana le caoi a chur ar bhóithre ar oileáin na Gaillimhe, agus é briste sios de réir oileáin; cad iad na sonraí maidir leis na hoibreacha atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38081/18]

View answer

Written answers

Déanann an tábla ar leanúint cur síos ar na hoileáin i gContae na Gaillimhe ar ceadaíodh deontais ina leith i mbliana, an obair atá le cur i gcríoch agus suim an deontais a ceadaíodh. Tá na deontais ceadaithe ar bhonn 75% den chostas inghlactha:

Oileán

Cur síos ar na hoibreacha

Deontas na Roinne

Inis Bó Finne

Oibreacha ar bhóthar ag an cé nua

€750

Inis Bó Finne

Oibreacha ar 360m de bhóthar Clossey

€17,250

Inis Bó Finne

Dromchla nua le cur ar 325m den bhóthar idir an séipéal agus an cé nua.

€4,988

Inis Bó Finne

Dromchla úr ar 150m le clocha méilte (Mir 804) agus coiriú ansin le dromchla dúbáilte agus dromchla singil ar 150m eile den bhóthar ó theach Kieran Concannon go Dolphin Hotel agus cóiriú ar an mbóthar ó chúl an Inishbofin Hotel go teach Kieran Concannon.

€10,875

Inis Bó Finne

Dromchla nua le clocha meilte (Mir 804) agus coiriú le dromchla dúbáilte le cur ar an mbóthar ag Westquarter Village

€6,750

Inis Bó Finne

Cóiriú dromchla singil a chur ar 295m den bhóthar soir ón Aerstráice

€3,000

Inis Bó Finne

Obair Dhraenála agus obair ar acomhal ar bhóthar Clossey

€3,000

Inis Bó Finne

Coiriú de dhromchla singil a chur ar 80m den bhóthar idir East End Beach agus Cloonamore High Road Junction.

€1,125

Inis Bó Finne

Coiriú de dhromchla dúbailte a chur ar 405m de bhóthar Cloonamore.

€8,512

IOMLÁN

€56,250

Tuigfidh an Teachta go bhfuil mo Roinn ag brath ar na húdaráis áitiúla le hiarratais a dhéanamh ar a cúnamh chun bóithre ar na hoileáin a dheisiú.

Top
Share