Chun freastal a dhéanamh ar fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga, tá allúntas faoi leith ar fiú €1,513,351 san iomlán ceadaithe ag mo Roinn d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha. Tá €730,434 den allúntas sin íoctha ag mo Roinn leis an Údarás cheana féin i mbliana agus táthar ag súil go mbeifear in ann fuílleach an allúntais a íoc roimh dheireadh na bliana ach tuairisc shásúil a bheith faighte. Bainfear leas as an allúntas seo chun go mbeidh an tÚdarás in ann leanúint air ag tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta uile, móide an trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá faoina gcúram, i gcomhréir leis na dualgais atá sannta don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012.
I gcomhréir leis an socrú a rinneadh ag tús na bliana, cuirfear ciste bliantúil ar fáil do cheanneagraíochtaí pleanála teanga ar fiú idir €100,000 agus €150,000, ag brath ar chritéir cháilithe faoi leith, chun tús a chur le feidhmiú pleananna atá faofa faoin Acht.
Seo a leanas dá réir an dáileadh airgid atá i gceist i leith an 10 limistéar a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas:
LPT
|
Allúntas ceadaithe do bhliain a haon d’fheidhmiú an Phlean Teanga
|
Cois Fharraige
|
€150,000
|
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir
|
€140,000
|
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh
|
€100,000
|
Ciarraí Thiar
|
€150,000
|
Ciarraí Theas
|
€100,000
|
Na Déise
|
€100,000
|
Árainn Mhór
|
€100,000
|
Múscraí
|
€100,000
|
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh
|
€100,000
|
Maigh Eo Thuaidh
|
€100,000
|
Iomlán
|
€1,140,000
|
Den suim sin tuigtear don Roinn go bhfuil €120,000 in iomlán cúitithe ag an Údarás leis an gceithre cheanneagraíocht pleanála teanga a leanas ó thús na bliana:
LPT
|
Maoiniú d’fheidhmiú pleananna teanga atá dáilte ag ÚnaG
|
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir
|
€30,000
|
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh
|
€30,000
|
Ciarraí Theas
|
€30,000
|
Na Déise
|
€30,000
|
Iomlán
|
€120,000
|
Ní miste a lua, agus an t-ábhar seo faoi chaibidil, nach foláir próiseas earcaíochta, dintiúirí airgeadais agus clár oibre comhaontaithe a bheith socraithe idir gach ceanneagraíocht agus an tÚdarás sular féidir tús a chur le híoc an allúntais. Tagann an cleachtas seo ar fad le dea-chleachtais airgeadais agus riaracháin an Chóid um Chaiteachas Poiblí.
Le hullmhú, le ceadú, agus le comhaontú clár oibre idir ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus an tÚdarás ag bailiú nirt i rith an ama, táthar ag súil leis go gcuirfear dlús céimiúil le gach gné de cur i bhfeidhm an phróisis san achar ama atá romhainn.