Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 October 2018

Tuesday, 2 October 2018

Questions (99)

Catherine Connolly

Question:

99. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le aersheirbhís d'Oileáin Árann; cad é stádas an phróisis tairisceana nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39817/18]

View answer

Written answers

I mí Meitheamh na bliana seo thug Galway Aviation Services Limited fógra do mo Roinn go mbeadh an comhlacht ag tarraingt siar, le héifeacht ó 6 Nollaig 2018, óna chonradh chun seirbhís aeir a chur ar fáil do na hOileáin Árann agus óna chonradh faoina gcuirtear Aerfort Chonamara ar fáil don tseirbhís sin.

Cé gur tháinig na fógraí seo ón gcuideachta aniar aduaidh ar mo Roinn agus gur cúis díomá dúinn é, ghníomhaíomar go pras chun a dhearbhú do phobal na n-oileán gur tosaíocht don Roinn é go mbeadh seirbhís aeir ar fáil do na hoileáin.

Chas mé féin agus mo chuid oifigigh le hionadaithe ó na hoileáin ar roinnt ócáidí chun an t-ábhar a phlé agus tá sé pléite agam le hionadaithe phoiblí an cheantair faoi dhó chomh maith. Chas mo chuid oifigigh le comhleacaithe sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus le hoifig an Ard-Aighne ina thaobh. Tá an t-ábhar pléite le seachtain anuas chomh maith le oifigigh ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.

Taobh leis an méid thuas, tá mo Roinn ag tógáil céimeanna chun próiseas tairisceana a chur ar bun d’fhonn conradh úr a aontú. Níl amscála dó seo leagtha síos faoi láthair ach caithfear a chinntiú mar réamh-chéim den phróiseas sin go mbeidh fáil ar aerfort ar an mórthír a bheidh in ann freastal ar an tseirbhís.

Top
Share