Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2018

Tuesday, 16 October 2018

Questions (684, 685, 686, 687)

Peadar Tóibín

Question:

684. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na príomhtháscairí feidhmíochta atá ag Foras na Gaeilge don ghearrthéarma agus don fhadtéarma. [42152/18]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

685. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na príomhtháscairí feidhmíochta atá á mbaint amach go rialta ag Foras na Gaeilge. [42153/18]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

686. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na gníomhartha atá á mbaint amach ag Foras na Gaeilge, ag eascairt as an eolas atá bailithe acu maidir le dul chun cinn, nó a mhalairt, a gcuid príomhtháscairí feidhmíochta. [42154/18]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

687. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na príomhtháscairí feidhmíochta le haghaidh na n-eagraíochtaí atá ag fáil deontas ón bhForas agus conas a dhéantar a n-aschur a thomhas. [42155/18]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 684, 685, 686 agus 687 le chéile.

Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999, tá ról reáchtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus feidhmeanna a chur i gcrích mar seo a leanas:-

- úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach;

- comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;

- tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;

- taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;

- téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; agus

- tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Faoin reachtaíocht chéanna, caithfidh Foras na Gaeilge plean gnó bliana agus plean corparáideach trí bliana a aontú leis na Ranna Urraíochta agus leis an Ranna Airgeadais sa dá dhlínse roimh chead na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a lorg. Sna pleananna sin, leagtar síos spriocanna agus táscairí feidhmíochta i ndáil le clár oibre Fhoras na Gaeilge agus déantar tuairisc ar an dul chun cinn ag gach cruinniú den CATT. Cé nach bhfuil an CATT ag feidhmiú i láthair na huaire, tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú de réir na ndréachtphleananna cuí agus go ndéantar tuairisc ar an dul chun cinn ag cruinnithe monatóireachta leis na Ranna Urraíochta gach ráithe.

Tá eolas maidir le gníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge ar fáil ar shuíomh na heagraíochta ag www.forasnagaeilge.ie.

Top
Share