Skip to main content
Normal View

Scoileanna DEIS

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 October 2018

Thursday, 18 October 2018

Questions (136, 137, 138)

Pat the Cope Gallagher

Question:

136. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil stádas DEIS ag scoil (sonraí tugtha) go fóill, go háirithe nuair atá stádas DEIS ag na bunscoileanna friothálacha uilig atá in abhantrach na scoile agus a bhfreastalaíonn a gcuid daltaí ar scoil (sonraí tugtha) chun oideachas dara leibhéal a fháil, chomh maith leis sin tá gach scoil dara leibhéal i gceantar iar thuaisceart Ghaeltacht Thír Chonaill sa scéim DEIS Is mar a chéile an stádas socheacnamaíoch sa cheantar seo uilig, dá thairbhe sin, tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil stádas DEIS ag scoil (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43002/18]

View answer

Pat the Cope Gallagher

Question:

137. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Oideachais agus Scileanna an dtabharfaidh sé achoimre ar na fáthanna nár thug a Roinn stádas D.E.I.S. do scoil (sonraí tugtha), go háirithe nuair atá a fhios aige go maith go bhfuil an stádas DEIS tugtha do na bunscoileanna eile sa limistéar céanna; an féidir leis soiléiriú a thabhairt ar na critéir i dtaobh an stádas seo a bhronnadh ar scoil amháin seachas ar scoil eile nuair atá an stádas socheacnamaíoch céanna ag baint leis an scoil (sonraí tugtha) agus a bhaineann leis na scoileanna eile sa cheantar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43003/18]

View answer

Pat the Cope Gallagher

Question:

138. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Oideachais agus Scileanna an dtabharfaidh sé cuntas ar na fáthanna gur theip arís agus arís eile ar scoil (sonraí tugtha); an bhfuil sé ar an eolas go bhfuil stádas DEIS ag gach bunscoil eile sa cheantar céanna, mar aon leis an meánscoil áitiúil; an dtabharfaidh sé cuntas ar cén critéir roghnaithe dhifriúla a bhain leis an scoil ós rud é go mbaineann na cúinsí sóisialta/eacnamaíochta céanna le habhantracht na scoile; an bhfuil sé sásta a admháil go ndearnadh botún tromchúiseach maidir le stádas DEIS a dhiúltú do scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43008/18]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 136 go 138, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Faoi mar is eol don Teachta, tá múnla oibiachtúil atá bunaithe ar staitisticí tugtha isteach ag mo Roinnse chun na scoileanna a bhfuil sé tuillte acu a bheith san áireamh i gClár DEIS a mheas, ionas gur féidir leis na páirtithe leasmhara go léir a bheith muiníneach go bhfuil acmhainní breise á ndíriú againn ar na scoileanna sin a bhfuil na leibhéil is airde de dhian-mhíbhuntáiste iontu.

Is iad seo a leanas na príomhfhoinsí sonraí a úsáidtear i bpróiseas sainaitheanta DEIS; Bunachar Sonraí ar Líne do Bhunscoileanna (POD) agus Bunachar Sonraí ar Líne d’Iar-Bhunscoileanna (PPOD) na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES), agus sonraí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) ón Daonáireamh Náisiúnta faoi mar atá léirithe in Innéacs HP Pobal do Cheantair Bheaga, ar modh é chun an rachmas nó an míbhuntáiste coibhneasta atá i gceantar geografach ar leith a thomhas. Ní hamháin go bhfuil ráta na dtuismitheoirí aonair san áireamh sna hathróga a mbaintear feidhm astu chun an tInnéacs HP a chur le chéile, ach freisin iad siúd a bhaineann le fás déimeagrafach, cóimheasa spleáchais, leibhéil oideachais, róphlódú, aicme sóisialta agus rátaí gairme agus dífhostaíochta. Déantar na sonraí sin a chur le sonraí daltaí, atá anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le ceantair bheaga, chun eolas a sholáthar maidir le leibhéal coibhneasta an dian-mhíbhuntáiste sa chohórt daltaí i scoileanna faoi leith. Cuirtear na sonraí sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar na scoileanna go léir sa tír ar bhealach cóir agus oibiachtúil, chun leibhéal an dian-bhuntáiste i ngach scoil a shainaithint.

Tá ríomh leibhéal na míbhuntáiste i ngach scoil bunaithe ar chúlra socheacnamaíoch chohórt na ndaltaí atá acu agus feidhm á baint as sonraí a choinnítear go lárnach faoi mar a léiriodh roimhe seo. Níl sé bunaithe ar shuíomh na scoile ach ar Cheantair Bheaga Gheografacha an CSO ina bhfuil an cohórt daltaí ina gcónaí. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go dtuigfí nach gá gurb ionann déimeagrafach scoileanna atá in aice le chéile agus go bhféadfadh sé leibhéil éagsúla míbhuntáiste a léiriú bunaithe ar chohórt iarbhír na ndaltaí i ngach scoil faoi leith.

Tá doiciméad mionsonraithe ina mínítear an mhodheolaíocht a úsáideadh sa phróiseas sainaitheanta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Services/DEIS-Delivering-Equality-of-Opportunity-in-Schools-/DEIS-Identification-Process.pdf.

Sonraítear i bPlean DEIS 2017 go mbeidh tionchar ag na sonraí feabhsaithe maidir le sochdhéimeagrafach scoileanna mar thoradh ar an múnla nua sainaitheanta ní hamháin ar mheasúnú scoileanna lena gcur san áireamh sa chlár ach chomh maith leis sin ar scálú acmhainní chun leibhéil tacaíochta níos céimnithe a cheadú. Dá réir sin, beifear in ann an cuspóir deiridh a bhaint amach, is é sin acmhainní a leithdháileadh chun an freastal is fearr is féidir a dhéanamh ar na riachtanais shainaitheanta atá ag scoileanna ar leith.

Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór go mbeadh an múnla sainaitheanta reatha chomh cruinn agus is féidir agus déanfar é sin a éascú trí úsáid a bhaint as Eircode chun a chinntiú go gcuirtear isteach seoltaí faoi mar is ceart. Is gá tuilleadh anailíse a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar athróga eile, ar athróga iad a aithnítear mar réamhtháscairí maithe i dtaca le míbhuntáiste oideachasúil i gcomhthéacs leithdháileadh acmhainní.

Dá bhrí sin, cinneadh dearbhú cáilíochta sa bhreis a dhéanamh ar an múnla sula gcuirfí leis an úsáid atá beartaithe dó, ar mhaithe le cáilíocht na sonraí a bhaineann le seoltaí a chinntiú agus chun tuilleadh anailíse a dhéanamh. Mar thoradh air sin, níl sé i gceist an clár DEIS a leathnú chuig aon scoileanna breise go mbeidh an obair sin curtha i gcrích.

Top
Share