Skip to main content
Normal View

Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 October 2018

Tuesday, 23 October 2018

Questions (714)

Peadar Tóibín

Question:

714. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta de thoradh Cheist Pharlaiminte Uimh. 682 an 16 Deireadh Fómhair 2018, an ndearna CATT cinneadh maidir leis an treoir a thug an Roinn agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; an mbaineann na cúinsí pá céanna leis na heagraíochtaí trasteorann eile; ar pléadh an ciorrú pá seo leis na ceardchumainn sular tugadh an treoir seo; an dóigh leí an Aire go bhfuil sé cothrom go bhfuil oibrithe Fhoras na Gaeilge ar scála pá níos ísle ná oibrithe na n-eagraíochtaí a bhfuil siad ag tabhairt maoiniú dóibh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43541/18]

View answer

Written answers

Is iad na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse a shocraíonn na prionsabail foirne do na forais trasteorann faoi na socruithe coiteanna a leagtar síos i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 don Sceideal d'Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Tuigtear dom go mbaineann na cúinsí pá céanna leis na forais trasteorainn ar fad.   

Mar a chuir mé in iúl i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 682 ar an 16 Deireadh Fómhair, tá cúrsaí pá don fhoireann ó dheas ceangailte go díreach le catagóir a mballraíochta sa Scéim Pinsin Thuaidh Theas, sin é, an bhfuiltear sa bhunscéim nó sa scéim le cearta forchoimeádta.  Tar éis plé leis na ceardchumainn i 2014, tuigtear dom gur thángthas ar chomhaontú, le teorainn ama, chun deis aonuaire a thabhairt d'fhostaithe ó dheas na bhforas trasteorann  go bhféadfaidís rogha a dhéanamh maidir lena mballraíocht i gceachtar scéime.  Tuigtear dom go n-eascraíonn buntáistí difriúla ón dá scéim.

Sa chomhthéacs réamhluaite, baineann ceisteanna maidir le pá fostaithe Fhoras na Gaeilge le cúinsí oibríochtúla inmheánacha na háisíneachta.

Top
Share