Skip to main content
Normal View

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 October 2018

Tuesday, 23 October 2018

Questions (720)

Pat the Cope Gallagher

Question:

720. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn maidir le scéim na gCúntóirí Teanga, go háirithe maidir leis na poist bhreise a cheadaigh an tAire ach nár líonadh in 2017 i scoil (sonraí tugtha); cén fáth, i mBliain seo na Gaeilge, go bhfuil scoileanna ag fanacht ar chúntóir teanga le breis agus dhá bhliain; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43850/18]

View answer

Written answers

Ceadaigh mó Roinnse allúntas méadaithe, ar fiú suas le €1.02 million é ina iomláine, i rith an tsamhraidh do Scéim na gCúntóirí Teanga i leith na scoilbhliana reatha 2018/2019.  Mar chuid de sin, ceadaíodh maoiniú chun freastal at 32 scoil bhreise atá ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

In 2017, cuireadh allúntas de €784,442 ar fáil do Mhuintearas Teo. agus d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil do scoilbhliain 2017/2018 thar ceann na Roinne. Ba ionann an t-allúntas sin agus allúntas 2016/2017. Níor ceadaíodh aon scoil bhreise anuraidh agus, mar gheall air sin, níor ceadaíodh aon chúntóir breise.

Tá mo Roinn ag obair ar athbhreithniú ar Scéim na gCuntóirí Teanga i gcomhréir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfar sonrú ar na critéir cháilitheachta do scoileanna chun páirt a ghlacadh sa scéim.  Beidh fáilte roimh gach scoil Ghaeltachta iarratas a dhéanamh faoin scéim ach na critéir sin a shásamh.

Is faoin dá eagraíocht thuasluaite atá sé na socruithe a dhéanamh maidir le hearcú cúntóirí chun freastal ar na scoileanna breise thuasluaite. Tuigtear go bhfuil an obair sin idir lámha faoi láthair.

Top
Share