Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Questions (129)

Éamon Ó Cuív

Question:

129. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44384/18]

View answer

Written answers

Níl aon dualgas ar bhaill foirne An Roinn Airgeadais séirbhísí a cur ar fáil trí mhéan na Ghaeilge. Mar sin féin, tá painéal cumtha ag an Roinn de bhaill foirne atá Gaeilge acu chun an séirbhís seo a chur ar fáil nuair atá sé á lorg. Tá cúigear tar éis a chuid seirbhísí a thairg chun an séirbhís seo a chur ar fáil.

De réir Mír 11 san Acht na dTeangacha Oifigiúl, 2003 – tá an Roinn le déanaí tar éis a Scéim Teangacha na Ghaeilge 2018 - 2021 a nuashonrú.

Tugann an Roinn tacaíocht don bhaill foirne chun a chaighdeán Gaeilge a fheabhsú tríd cúrsaí i nGaelchultúr a chur ar fáil. Tá an fhoireann cuirthe ar an eolas faoi na gcúrsaí gach ráithe tríd OneLearning agus ag an oiliúint ionduchtúcháin. Faoi láithir tá ball foirne amháin ag freastail ar cúrsa i nGaelchultúr. Tá seisear den bhaill foirne tar éis cúrsaí a dhéanamh i nGaelchultúr agus rinne triúr staidéar ar teanga na Ghaeilge san oideachais triú leibhéal. Spreagann an Roinn teanga na Ghaeilge a staidéar, chun cabhair a thabhairt don fhoireann séirbhís den scoth a chur ar fáil go mhuiníneach.

 

Top
Share