Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Questions (281)

Éamon Ó Cuív

Question:

281. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44376/18]

View answer

Written answers

Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil tiomanta chun seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus chun a hoibleagáidí reachtúla faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh. Chuige sin, tá na céimeanna seo a leanas tógtha ag an Roinn seo agamsa: 1. In Aibreán 2017, d’fhorbair agus d’fhoilsigh an Roinn a Plean Fórsa Oibre 2017-2019 a chuimsigh riachtanais shainaithinte sna réimsí gnó ar fud na Roinne mar a bhaineann siad le hinniúlacht sa Ghaeilge.

2. In 2018, forbraíodh agus foilsíodh Scéim Teanga na Roinne don tréimhse 2018-2021.

3. D’fhonn ranganna Gaeilge ag meánleibhéal agus ardleibhéal a chur ar fáil do bhaill foirne, oibríonn an tAonad Foghlama agus Forbartha le OneLearning, Seirbhís Chomhroinnte na Státseirbhíse um Fhoghlaim agus Fhorbairt. Is comhlacht oideachais é Gaelchultúr atá creidiúnaithe trí FETAC agus a chuireann na cúrsaí seo ar fáil thar ceann OneLearning.

4. Trínár ‘Scéim Tacaíochta Oideachais’, tacaíonn an Roinn le fostaithe ar mian leo dlús a chur lena bhforbairt ghairmiúil. Faoin scéim seo, is féidir le fostaithe iarratas  a dhéanamh le réamh-mhaoiniú iomlán i gcomhair cúrsa ábhartha ag an dara nó tríú leibhéal.

5. In éineacht leis na bearta seo, téann Páirtithe Gnó na nAcmhainní Daonna i ngleic leis na Rannóga go rialta tríd an bpróiseas pleanála d’fhórsa oibre. Is cuid den phróiseas seo aon phost ainmnithe eile a d’fhéadfadh bheith ann a shainaithint, agus aon riachtanas Gaeilge a aithint.

Top
Share