Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Questions (301)

Éamon Ó Cuív

Question:

301. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44404/18]

View answer

Written answers

Rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail suirbhé le déanaí ar fhoireann na Roinne, chun líon na ndaoine atá inniúil seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Roinn a dhearbhú. Bunaithe ar an suirbhé, dearbhaíodh go bhfuil cúigear ball den fhoireann inniúil seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, is é sin 2.7% de bhaill foirne na Roinne (185 ina iomlán). 

Top
Share