Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Questions (332, 333)

Éamon Ó Cuív

Question:

332. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44377/18]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

333. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44397/18]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 332 go 333, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá molta dhom go bhfuil 12% den fhoireann sa Roinn a bhfuil in ann seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar.  Ina theannta sin, tá 15 ball foirne eile ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna Ghaeilge.  Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar i nGaeilge nó go dátheangach lenar chustaiméirí.

Tacaíonn mo Roinn leis an bhfoireann chun feabhas a chur air a gcuid scileanna Ghaeilge ag gach leibhéal inniúlachta agus, mar shampla, tá béim ar an Teastas i nGaeilge Gairmiúla, clár páirtaimseartha atá ann a bhfuil churtha ar fáil ag Gaelchultúir dúinn, chun chuidiú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal seirbhís níos airde a chur ar faíl dona chustaiméirí.

Tháinig Scéim Ghaeilge mo Roinn (2016-2019) faoi Chuid 3 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i bhfeidhm ar an 12ú Bealtaine 2016. Tá an rannóg corparáideach sa Roinn ag obair go dlúth le comhghleacaithe ó na ranna éagsúla chun feasacht a chothú agus a chinntiú faoi téarmaí na Scéime a chomhlíonadh.  Tá chur i gcuimhne ag an foireann go rialta, na freagrachtaí atá orthu maidir le seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge agus tá raon tacaí ar fáil doibh chun cuidiú leo na freagrachtaí sin a chomhlíonadh.

Top
Share