Skip to main content
Normal View

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 November 2018

Tuesday, 13 November 2018

Questions (249)

Éamon Ó Cuív

Question:

249. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a chuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta uimhir mhúinteora ar fáil do mhúinteoir (sonraí curtha ar fáil) a rinne iarratas ar a leithéid i mí Lúnasa; cén chúis atá leis an moill í a eisiúint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47190/18]

View answer

Written answers

Faoi Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001-2015, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht a bhfuil údarás agus freagracht reachtúil aici as gairm na múinteoireachta in Éirinn a rialáil lena n-áirítear oidí a chlárú.

Cláraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta oidí de réir Rialachán na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2016, Ionstraim Reachtúil 444/2016, arna leasú, lena ndéantar foráil maidir le bealaí éagsúla clárúcháin, lena n-áirítear bunoideachas, oideachas iarbhunscoile agus breisoideachas.

Faoi alt 30 de na hAchtanna Comhairle Mhúinteoireachta, ní mór d’iarratasóir ar phost múinteoireachta atá á mhaoiniú ag an Oireachtas a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Tá sé tábhachtach go leanann iarratasóir ar chlárú a bheith ag plé go díreach leis an gComhairle Mhúinteoireachta lena n-iarratas ar chlárú mar oide in Éirinn a chur chun cinn.

Top
Share