Bunaíodh an Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn i mBealtaine 2017 chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar gach gné den phóilíneacht in Éirinn. Ag teacht leis an gcinneadh a rinne an Rialtas in Aibreán 2017 an Coimisiún a bhunú, bhí an Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta iomlán neamhspleách ar an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ba faoin gCoimisiún é ábhar na tuarascála foilsithe, agus ní raibh aon ról agamsa, mar Aire, maidir lena hábhar a chinneadh.
Cur chuige iomlánaíoch comhtháite i leith na Gaeilge a chuirtear chun cinn sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge. Tá na gníomhaíochtaí iomchuí faoin Straitéis á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear mo Roinnse. Ceann de chuspóirí na Straitéise ná go ‘Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána’. Nótáiltear sa Straitéis go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a chothabháil agus a fhorbairt sa Gharda Síochána toisc thábhacht shiombalach na heagraíochta inár saol náisiúnta agus toisc na seirbhísí a sholáthraíonn an Garda Síochána don phobal. Is féidir breathnú, ar líne, ar Phlean Forfheidhmithe na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoin Straitéis, chomh maith leis an Tuarascáil is déanaí ar Dhul chun Cinn an fhorfheidhmithe, lena n-áirítear nuashonruithe ar dhul chun cinn atá déanta ag an nGarda Síochána, ar líne ag www.justice.ie (faoi ‘Fúinn’, ansin ‘An Ghaeilge’).