Skip to main content
Normal View

Ealaín na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 November 2018

Thursday, 15 November 2018

Questions (13)

Catherine Connolly

Question:

13. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta de bhun Ceist Pharlaiminteach Uimhir 89 an 2 Deireadh Fómhair, an bhfuil an fhoirmle réitigh fógartha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47424/18]

View answer

Written answers

Ceadaíodh deontas suas le €325,000 d’Ealaín na Gaeltachta i mí Iúil seo caite chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta do dhaoine óga a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbhliana reatha. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhréir le beart 2.10 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge a sheol mé i mí an Mheithimh, thar ceann an Rialtais.

Faoin gclár nua, déanfar leathnú agus forbairt chéimiúil ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile. I measc ghnéithe an chláir, beidh an méid seo a leanas:

- iniúchadh ar na deiseanna oiliúna sna healaíona traidisiúnta atá ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ar fad i láthair na huaire;

- soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil i nGaeltacht na Gaillimhe ó mhí Eanáir 2019.

- soláthar ranganna trí Scoil Cheoil na Crannóige i nDún na nGall agus trí Ionad Cultúir an Dochtúir Ó Loingsigh i gCorcaigh

Tá Ealaín na Gaeltachta tosaithe i mbun taighde agus obair ullmhúcháin eile faoi láthair. Tá próiseas earcaíochta i gcomhair Comhardaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha do Dhaoine Óga ar bun acu i láthair na huaire agus tá súil go mbeidh duine ceaptha roimh dheireadh na míosa seo.

Cé go bhfuiltear ag leanúint sa ghearrthréimhse leis an soláthar ranganna atá ar fáil cheana féin i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chorcaí do scoilbhliain 2018/19, ní bheidh chumas EnaG tús a chur le ranganna i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuí, ar ardchaighdeán, ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon.

Idir an dá linn, d'fhógair mé ar an Máirt seo caite go bhfuil maoiniú á cheadú do Ghréasán Múinteoirí na Gaillimhe chun a chinntiú go bhfuil ranganna sna healaíona traidisiúnta á gcur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Árann ó Mheán Fómhair go Nollaig 2018. Cuimsíonn an Gréasán ceithre theagascóir déag agus déantar freastal ar scoileanna agus ionaid ar fud Chonamara agus Árann. Is socrú sealadach é seo atá curtha ar bun agus tiocfaidh deireadh leis i mí na Nollag, tráth a thosóidh Ealaín na Gaeltachta ar chur i bhfeidhm a gcláir sa cheantar i mhí Eanáir 2019 ar aghaidh.

Top
Share