Skip to main content
Normal View

Maoiniú Ealaíon

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 November 2018

Thursday, 15 November 2018

Questions (22)

Catherine Connolly

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta de bhun Ceist Pharlaiminteach Uimhir 64 an 2 Deireadh Fómhair, cad is ainm d’Oifigeach na Gaeilge ag ‘Galway 2020; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47423/18]

View answer

Written answers

Mar a chuir mé in iúl don Teachta i mo fhreagra do Cheist Pharlaiminteach Uimhir 64 ar an 2 Deireadh Fómhair, tá próiseas ar siúl ag Gaillimh 2020 chun Oifigeach na Gaeilge a earcú. Tá sonraí an phoist á fhorbairt faoi láthair agus tá Gaillimh 2020 ag plé le grúpaí éagsúla san earnáil Ghaeilge faoin tslí is fearr chun é a líonú. Tuigim go bhfuil Gaillimh 2020 ag súil leis an bpost a líonú roimh dheireadh na bliana.

Top
Share