Is ionann iomlán an mhaoinithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2019 agus níos mó ná €54m. Nuair a chuirtear leithdháileadh an Fhorais Teanga san áireamh, is ionann an maoiniú iomlán agus €67.5m - méadú €5m nó 8% ar leithdháiltí 2018. San áireamh anseo tá:
- €0.6m sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;
- €1.5m breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €8.5m (méadú 21% ar 2018) an leithdháileadh iomlán caipitil don eagraíocht;
- €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta chun tacú le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó;
- Leithdháileadh breise de €0.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta;
- Leithdháileadh breise de €0.58m do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht chun scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le gréasán d’Ionaid Gaeilge agus Cultúir a fhorbairt ar fud na tíre;
- Leithdháileadh breise de €1m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr calafoirt a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh; agus,
- Leithdháileadh breise de €0.5m chun seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar chuig na hoileáin.
Rachaidh an infheistíocht mhéadaithe seo de €67.5m don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2019 i bhfeidhm go mór ar phobail Ghaeltachta, go háirithe, mar go bhfuil an chuid is mó den leithdháileadh á tabhairt do chruthú post, forbairt pobail agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus, chomh maith leis sin, d’fhorbairt na gcalafort agus na seirbhísí iompair a bhaineann leis na hoileáin.
Táim sásta, mar sin, go bhfuil neart dul chun cinn déanta ag an Rialtas mar a bhaineann sé leis an réimse cúraimí atá orm i mBuiséad 2019 agus táim ag tnúth le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin sna blianta atá amach romhainn.