Tuesday, 11 December 2018

Questions (212)

Aindrias Moynihan

Question:

212. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Oideachais agus Scileanna an nglacann sé leis go bhfuil a Roinn ag déanamh faillí ar an nGaelscolaíocht agus ag teacht salach ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, sa tslí ina roghnaítear pátrún do scoileanna nua; cad a dhéanfaidh sé mar gheall ar na scoileanna nua atá le hoscailt in 2019, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52105/18]

View answer

Written answers (Question to Education)

Mar is eol don teachta, d'fhógair mo Roinnse pleananna le déanaí chun 42 scoil nua a bhunú sna ceithre bliana seo amach romhainn (2019-2022).

Nuair a chinntear go bhfuil gá le scoil nua chun freastal ar riachtanais dhéimeagrafacha i gceantar, reáchtálann mo Roinnse próiseas pátrúnachta ar leith chun a shocrú cé a fheidhmeoidh an scoil.  Tá teanga theagaisc na scoile atá beartaithe mar dhlúthchuid den phróiseas measúnaithe agus molta a bhaineann leis an bpátrúnacht. Tá sé de rogha ag gach comhlacht pátrúnachta, lena n-áirítear pátrúin atá bainteach le soláthar trí mheán na Gaeilge agus go deimhin aon phatrún ionchasach ar mian leis oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar, cur isteach ar phátrúnacht scoile nua faoin bpróiseas pátrúnachta.  Tá roghanna tuismitheoireachta maidir le gach pátrún agus seachas sin maidir le teanga theagaisc na scoile, ó thuismitheoirí na leanaí atá ina gcónaí sa cheantar pleanála scoile atá i gceist, chomh maith leis an méid éagsúlachta atá ar fáil faoi láthair sna ceantair sin, thar a bheith tábhachtach i dtaca leis na cinntí a dhéantar maidir le toradh an phróisis sin.  Tá anailís ar an méid éagsúlachta, lena n-áirítear teanga, atá ar fáil cheana féin i gceantar agus sna ceantair phleanála scoile in aice láimhe, san áireamh sa phróiseas measúnaithe.

Déanann grúpa comhairliúcháin seachtrach neamhspleách, An Grúpa um Bunú Scoileanna Nua (NSEG), maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta.  Tar éis dóibh tuarascálacha measúnaithe mo Roinne a bhreithniú, cuireann an NSEG tuarascáil mar aon le moltaí faoi mo bhráid lena breithniú agus an cinneadh deiridh a dhéanamh ina taobh.  Cuirtear na tuarascálacha measúnaithe agus moltaí an NSEG i dtaca le gach próiseas pátrúnachta den sórt sin ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne.

Maidir leis an bpróiseas pátrúnachta don 12 bhunscoil nua atá le bunú in 2019, tá leibhéal rogha na tuismitheoireachta don teanga theagaisc (Gaeilge nó Béarla) le deimhniú fós.  D'oscail an gCóras Próiseála Pátrúnachta ar Líne (OPPS) do thuismitheoirí leanaí atá ina gcónaí sna ceantair phleanála scoile ábhartha maidin inné, ag tabhairt deis do tuismitheoirí a rogha a léiriú i dtaca le Béarla nó Gaeilge mar theanga theagaisc sna scoileanna sin chomh maith lena rogha maidir le pátrúnacht na scoileanna.  Chomh maith le roghanna tuismitheoireachta, cuirtear san áireamh freisin méid na héagsúlachta (maidir le héiteas agus teanga theagaisc) atá ar fáil cheana féin sa cheantar sna cinntí maidir le torthaí próisis pátrúnachta.

Sa tuarascáil a chuir siad faoi mo bhráid i mí Dheireadh Fómhair, luaigh an NSEG na hathruithe dearfacha atá corpraithe ag mo Roinnse cheana féin sa phróiseas measúnaithe, amhail roghanna faoi leith a chuirtear ar fáil do thuismitheoirí maidir le teanga theagaisc. Mhol an Grúpa freisin go ndéanfadh mo Roinnse an cheist chasta seo a iniúchadh tuilleadh i gcomhairle leis an príomhchomhlachtaí pátrúnachta. I dtaca leis sin, tá bealaí ina bhféadfaí tuilleadh léirithe a dhéanamh ar roghanna tuismitheoireachta maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge i bpróisis phátrúnachta amach anseo, á n-iniúchadh ag mo Roinnse faoi láthair.  Tógfaidh sé roinnt ama an cheist sin a iniúchadh go hiomlán, lena n-áirítear dul i gcomhairle leis na príomhchomhlachtaí pátrúnachta, agus léirigh mo Roinnse an méid sin ina comhfhreagras leis an gCoimisinéir Teanga i mí Aibreáin 2018.

Ina theannta sin, bhí cruinniú agam le déanaí leis an gCoimisinéir Teanga, Rónan Ó Domhnaill, chun na ceisteanna seo a phlé agus déanfaidh an Roinn roinnt roghanna i réimse na pátrúnachta agus an oideachais trí mheán na Gaeilge a bhreithniú.