Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 January 2019

Tuesday, 15 January 2019

Questions (372)

Éamon Ó Cuív

Question:

372. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige casadh le heagraíocht (sonraí tugtha) chun cúrsaí oideachais trí Ghaeilge a phlé go ginearálta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1453/19]

View answer

Written answers

Bheinn breá sásta cruinniú a bheith agam leis an eagraíocht seo chun oideachas trí mheán na Gaeilge a phlé leo.

Féadann siad dul i dteagmháil le m'oifig chun na socruithe cuí a dhéanamh chuige seo.

Top
Share