Skip to main content
Normal View

Soláthar Aersheirbhísí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2019

Wednesday, 16 January 2019

Questions (58, 76)

Catherine Connolly

Question:

58. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad sonraí an chonartha maidir le hAersheirbhís Árann; cén dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir le hAerfort na Mine a cheannach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1760/19]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

76. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le hAerfort Chonamara a cheannach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1543/19]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 58 and 76 le chéile.

Ag deireadh mí na Nollag 2018, aontaíodh conradh eatramhach idir mo Roinn agus Galway Aviation Services Ltd chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na hOileáin Árann, don tréimhse ó 21 Nollaig 2018 go dtí 30 Meán Fómhair 2019. Faoin gconradh seo, leanfar leis an tseirbhís aeir go hÁrainn ar na coinníollacha a bhí leagtha amach san Iarratas ar Thairiscintí a foilsíodh. Is ionainn iad seo agus na coinníollacha a bhí san áireamh sa chonradh a bhí i bhfeidhm go dtí 20 Nollaig 2018.

Níl an dáta ar a bhfógrófar an comórtas tairisceana don chonradh fadtéarmach socraithe go fóill. Tá obair ar bun ag oifigigh mo Roinne chun na cáipéisí tairisceana cuí a ullmhú don chonradh seo a bheidh le tosú ar 1 Deireadh Fómhair 2019 agus déanfar iad seo a fhoilsiú in am trátha. Tá comhairleoirí fostaithe ag mo Roinn ag a bhfuil taithí ar sholáthair san earnáil aerthaistil. Cuirfear comhairle ar fail do mo Roinn agus an conradh á dhréachtú le cinntiú go ndéanfar seo de réir na rialacháin chuí agus go ndéanfar seirbhís a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na n-oileánach.

Tá plé leanúnach ar bun idir mé féin, oifigigh mo Roinne agus ionadaithe ó na hoileáin le cinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi gach atá ag tarlú, agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo siúd agus leis na hionadaithe poiblí as ucht a n-ionchur sa phróiseas seo.

Tá mo Roinn agus Galway Aviation Services Ltd ag brú ar aghaidh leis an obair maidir leis an bpoitéinseal go gceannófaí Aerfort na Mine a scrúdú. Níl an obair seo ach ina tús ag an bpointe ama seo, áfach. Mar a rinne mé go dtí seo, tá i gceist agam cruinnithe rialta a thionól le hionadaithe na n-oileán agus leis na hionadaithe poiblí ar mhaithe len' iad a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn.

Top
Share