Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2019

Wednesday, 16 January 2019

Questions (59)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

59. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén tuairim atá aici faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an gcraoltóir náisiúnta RTÉ a phlean teanga a chur i bhfeidhm agus a dhualgais i leith na teanga náisiúnta a chomhlíonadh. [1675/19]

View answer

Written answers

Tháinig an chéad scéim teanga de chuid RTÉ faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ar 01 Meán Fómhair 2015. Tá an dara scéim dá gcuid curtha faoi bhráid na Roinne agus táthar ag súil léi a bheith ceadaithe go luath. Tá an cúram maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga ar Oifig an Choimisinéara Teanga.

Ina theannta sin, ceadaíodh deontas i leith réimse Gnímh Dhigiteacha RTÉ mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Gaeilge RTÉ thar tréimhse 3 bliana, 2016-2018. Tá deontas de €210,000 íoctha ag mo Roinn i leith an togra seo agus tá mo Roinn sásta go bhfuil an méid a bhí beartaithe curtha i gcrích anois.

Top
Share