Dírím aird an Teachta ar mo fhreagra ar Cheist Dála 684 den 20 Samhain 2018 agus ar Cheist Dála Uimhir 594 den 19 Nollaig 2018, a leagann amach na fíricí maidir le meastacháin 2019 don bhForas Teanga.
Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 agus, dá bhrí sin, níl na buiséid i leith 2017, 2018 agus 2019 ceadaithe go hoifigiúil go fóill. Idir an dá linn, tá sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile sna blianta 2017, 2018 agus 2019 de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.
Ar an mbonn sin, i 2019 íocfaidh mo Roinn €11,087,183 (75% den ollbhuiséad CATT) d'Fhoras na Gaeilge agus £585,733 (c.€650,815 - 25% den ollbhuiséad CATT) do Ghníomhaireacht na hUltaise. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519).