Mar iar-Aire Gaeltachta, amharcaim ar theagasc na Gaeilge mar phríomhthosaíocht sa ról atá agam mar Aire Oideachais agus Scileanna.
Tá An
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 tógtha ar bhunchloch stádas bunreachtúil na Gaeilge agus is é polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge í. Tá an phríomhfhreagracht ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le Roinn an Taoisigh agus an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) chun an polasaí cuimsitheach seo a chur i bhfeidhm.
Tá prionsabail phríomhstraitéisí an Rialtais mar bhonn agus mar thaca ag Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019 de chuid ROS lena n-áirítear An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus mar sin tá tiomantas ann chun gnéithe oideachasúla na Straitéise a chur chun tosaigh.
Chun baint amach na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain a chur chun cinn, tá Plean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018 - 2022 foilsithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Baineann na bearta ar aontaíodh orthu sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana le naoi réimse gníomhaíochta, agus baineann an chéad cheann le cúrsaí Oideachais agus an ROS freagracht as. Tá creatlach comhtháite agus soiléir sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana agus éascaítear ann rannpháirtíocht níos éifeachtaí le cuspóirí an Rialtais maidir leis an Ghaeilge. Sa phlean cuimsitheach seo tá bearta comhaontaithe faoi cheangal ama chun polasaí an Stáit i leith theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais a chur chun tosaigh ar gach leibhéal ón mbunscolaíocht go dtí an tríú leibhéal.
Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gceannas ar chur i bhfeidhm an Phlean Ghníomhaíochta i gcomhar leis na Rannóga cuí agus tá ionadaíocht ag an ROS ar an nGrúpa Ard-Leibhéal Maoirseachta.