Tá an comhairliúchán poiblí maidir le beartas agus cleachtas na Roinne maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a seoladh ar 7 Nollaig 2018 críochnaithe anois.
Tá an-áthas orm leis maidir leis an leibhéal rannpháirtíochta, nach bhfacthas riamh roimhe, a chruthaigh an comhairliúchán sin. Fuarthas os cionn 10,000 freagra ar an suirbhé ar líne féin. Déanfar anailís chúramach ar fhreagraí ar an suirbhé ar líne agus ar aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh mo Roinn le linn na tréimhse comhairliúcháin agus déanfaidh sé sin eolas d'aon athbhreithniú breise is gá ar na dréachtchiorcláin athbhreithnithe a chuirfear i láthair sa Páipéar Comhairliúcháin a threorú.
Táthar ag súil leis na ciorcláin athbhreithnithe nua faoina bhféadfar díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile a cheadú a fhoilsiú roimh dheireadh na scoilbhliana seo le cur i bhfeidhm ag scoileanna ó Mheán Fómhair 2019.