Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 February 2019

Tuesday, 5 February 2019

Questions (200)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

200. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil nó an raibh an comhairliúchán poiblí maidir leis an gcóras díolúine ón nGaeilge a leasú teoranta do na moltaí sa pháipéar comhairliúcháin agus sa dá dhréachtchiorclán, nó an bhfuil a Roinn sásta moltaí eile a rinneadh a chur i gcuntas, mar shampla, córas nua a chur i bhfeidhm chun nach mbeadh gá leis an gcóras díolúine amach anseo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4950/19]

View answer

Written answers

Is cúis áthais dom a rá go raibh an-suim ann, le níos mó ná 11,000 freagraí ar an gComhairliúchán Poiblí maidir le polasaí agus cleachtadh a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Déanfaidh an Roinn gach aighneacht a scrúdú.

Top
Share