Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 February 2019

Tuesday, 5 February 2019

Questions (682)

Éamon Ó Cuív

Question:

682. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean teanga faighte aici ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; má ta, cén uair a fuair sí an plean; cén uair a bhfuiltear ag súil go ndéanfar an plean a fhaomhadh [5421/19]

View answer

Written answers

Fuarthas an chéad dréacht den chéad scéim teanga ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar 18 Eanáir 2019. Tá an dréachtscéim sin á plé agus á meas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Táthar ag súil go mbeidh sé faofa taobh istigh de roinnt seachtainí.

Top
Share