Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 February 2019

Tuesday, 12 February 2019

Questions (777)

Pearse Doherty

Question:

777. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén stádas atá ag an gconradh le haghaidh seirbhís farantóireachta gasta, atá le riaradh idir Toraigh agus an tír mór; cén dáta a rachaidh an conradh reatha in éag; cathain a bhronnfar conradh úr; an dtig léi sonraí a thabhairt faoin chonradh seo, mar shampla cén dáta a thosóidh an tseirbhís nua seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6918/19]

View answer

Written answers

Tá comhaontú idir mo Roinn agus Comharchumann Thoraí Teoranta faoina maoiníonn mo Roinn seirbhís sealadach farantóireachta gasta idir Thoraigh agus an mórthír. Beidh an socrú sin i bhfeidhm ar a laghad go dtí 30 Aibreán 2019. Idir an dá linn, reáchtálfaidh mo Roinn comórtas úr tairisceana d'fhonn conradh dhá bhliain don tseirbhís seo a thosódh ar 1 Bealtaine 2019, a aontú.

Top
Share