Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 February 2019

Wednesday, 13 February 2019

Questions (93)

Pearse Doherty

Question:

93. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuarthas iarratas le haghaidh cóiríocht scoile bhreise ó scoil (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall; an aithníonn sé go bhfuil géarghá leis an tionscadal seo a thógáil ar shuíomh na scoile chun freastal ar a gcuid riachtanas; cathain a ndéanfar cinneadh ina leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7235/19]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarratas faighte ag mo Roinnse, i gcomhair cistiú caipitil, ón scoil atá i gceist.

Tá an t-iarratas á bhreithniú faoi láthair agus cuirfear cinneadh in iúl d’údarás na scoile chomh luath is a bheidh an próiseas measúnaithe curtha i gcrích.

Top
Share