Tá roinnt cúrsaí trí Ghaeilge á dtairiscint ag GRETB in Ionad Breisoideachais Ros Muc mar bhealaí chun cinn d’fhoghlaimeoirí. Tá na cúrsaí seo a leanas ar fáil: Riarachán Gnó Leibhéal 5; Cúram Sláinte Leibhéal 5; Cúram Leanaí Leibhéil 5 & 6.
Ina theannta sin, tá cúrsa Spóirt agus Aclaíochta ar fáil i Leitir Móir i gcomhar leis an Spórtlann.
Tá réimse de chláir pháirtaimseartha ag GRETB freisin agus iad á dtairiscint ag leibhéil 3 go 5 agus déanfar iad sin a leathnú amach le linn na bliana.
I mbliana, tá cúrsaí nua molta a bheidh ar fáil trí Ghaeilge amhail Dobharshaothrú. Cuireadh an cúrsa seo ar fáil cheana agus tá GRETB ag féachaint lena chur ar siúl arís agus béim ar Tháirgeadh agus ar Shábháil Feamainne. I measc na modúl eile, tá Deisiú Inneall Mara, Deisiú Eangach, agus Fás Sliogéisc agus déanfar iad sin ar fad a theagasc trí Ghaeilge.
Tá cúrsa eile i dtiomáint Leoraithe agus Busanna molta i nGaeltacht Chonamara agus déanfar é a thairiscint d’fhoghlaimeoirí Theagmháil na nÓg mar bhealach chun cinn. Beidh an cúrsa sin ar fáil trí Ghaeilge freisin.