Skip to main content
Normal View

Aerfoirt Réigiúnacha

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 February 2019

Thursday, 21 February 2019

Questions (10)

Catherine Connolly

Question:

10. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le hAerfort na Mine a cheannach [8685/19]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Tá a fhios ag an Leas-Cheann Comhairle cé chomh tábhachtach agus atá an aersheirbhís do mhuintir oileáin Árann. Tá ceist dhíreach agam, cén dul chun cinn atá déanta ag an Roinn chun Aerfort na Mine a cheannach?

Rinne Galway Aviation Services Limited, GASL, cinneadh i Mí Meitheamh na bliana seo caite, péire de na conarthaí a bhí ag an gcomhlacht leis an Roinn maidir le seirbhísí aeir Oileáin Árann a thabhairt ar ais. Mar thoradh air seo, b'éigean do mo Roinn socruithe a dhéanamh chun go leanfaí ag cur seirbhíse ar fáil do na hoileáin. Tar éis tairiscintí phoiblí a lorg, aontaíodh conradh eatramhach le GASL maidir leis an tseirbhís aeir, a sheasfaidh go dtí 30 Meán Fómhair 2019.

Comhthreomhar leis sin, tá comhaontú sínithe idir mo Roinn agus GASL faoina dtabharfar faoi phróiseas chun an poitéinseal go gceannódh an Stát Aerfort Chonamara a scrúdú. Chuige sin, tá luachálaithe fostaithe ag an dá pháirtí agus tá suirbhé innealtóireachta déanta ag mo Roinn ar an suíomh. Leanfaidh an teagmháil idir an dá pháirtí chun gach iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú maidir le ceannach an aerfoirt, ar théarmaí a bheidh sásúil don dá thaobh.

Anuas ar an méad thuas, bíonn cruinnithe rialta á dtionól ag mo Roinn le hionadaithe na n-oileán agus tá tús curtha le próiseas comhairliúcháin phoiblí ar mhaithe le mianta phobail na n-oileán maidir le dearadh na seirbhíse don chéad conradh public service obligation, PSO, eile a bhailiú.

Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ar an eolas cé chomh tábhachtach agus atá an aerseirbhís agus i ndáiríre, ba scéal dearfach é gur rinne an Roinn an cinneadh an t-aerfort a cheannach agus is dul chun cinn suntasach é sin. Áfach, níl aon chinnteacht fós agus ba mhaith liom a fháil amach an tréimhse ama atá i gceist. Mar is eol don Aire Stáit, tá muintir oileáin Árann ag streachailt le fada an lá chun cinnteacht a bheith acu ó thaobh na seirbhísí de. Cuireann an easpa cinnteachta isteach go mór orthu mar bíonn orthu streachailt seachtain i ndiaidh seachtaine chun cinnteacht a fháil. An bhfuil tréimhse ama i gceist leis an bpróiseas seo chun an t-aerfort a cheannach?

Táimid ag déanamh chuile iarracht go gcríochnóimid an próiseas roimh dheireadh Mí Márta. Sin an méid a bhí leagtha amach roimh an Nollaig. Léiríonn na céimeanna atá tógtha ag an Roinn go dtí seo go bhfuil tuiscint mhaith againn ar thábhacht na seirbhísí ar na hoileáin Árann agus tá sé sin luaite ag an Teachta freisin. Tá an comhaontú sínithe idir na húinéirí agus mo Roinn a leagann amach slí maidir leis an bpoitéinseal an suíomh a cheannach. Caithfear praghas a aontú agus caithfear riachtanas an cód caitheachais poiblí a shásamh tríd an bpróiseas. Tá luach faighte ag an Roinn ó Aer Arann agus tá luach faighte ag Aer Arann ón Roinn ar an suíomh. Tá suirbhéireacht déanta ag innealltóirí na Roinne ar an suíomh agus anois caithfimid dul i gcaidreamh maidir leis an bpraghas agus teacht ar phraghas atá sásúil don dhá thaobh.

Tuigim é sin agus cuirim fáilte roimh an bpróiseas sin ach is dócha go n-aontaíonn an tAire Stáit liom nach féidir dul ar aghaidh mar a bhfuil cúrsaí faoi láthair agus le cúpla bliain anuas. Caithfimid cinnteacht a bheith againn agus caithfimid an t-aerfort a cheannach chomh sciobtha agus is féidir agus ansin caithfimid conradh a chur i gcrích ionas go mbeidh cinnteacht ann. Níl a fhios agam an bhfuil tuiscint mhaith ag an Roinn ar seo. Cloisim é sin agus de réir mar a thuigim, tá an Roinn ag caint faoi helicopter arís. B'fhéidir gur ráfla atá i gceist agus b'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach iarraim ar an Aire Stáit a rá liom nach bhfuil an Roinn ag caint faoi sheirbhís helicopter a chur ar fáil agus go bhfuil an Roinn dáiríre faoi chumarsáid chiallmhar a bheith aici le muintir Árann chun seirbhís a chur ar fáil do mhuintir oileáin Árann?

An rud is tábhachtaí ná go bhfuil seirbhís ar fáil do mhuintir Árann ó Aerfort na Mine agus go bhfuil siad sásta leis an tseirbhís a bheas á chur ar fáil. Tá a fhios agam go bhfuil tuairimí á lorg ag an Roinn ar an tseirbhís faoi láthair agus tá a fhios agam go bhfuil ceist an helicopter ann fós ach tá tuairimí á lorg i scríbhinn ó na comharchumainn maidir leis an tseirbhís. Táimid dáiríre gurb é ceannach an t-aerfort an rud gur ceart a dhéanamh don Roinn, do mhuintir na n-oileán agus don Stát ach caithfimid teacht ar phraghas atá an dá thaobh sásta leis agus sin mar atáimid ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, tá mé dóchasach go mbeimid in ann an próiseas sin a chríochnú roimh an dáta a bhí leagtha amach roimh an Nollaig, sé sin deireadh Mí Márta.

Top
Share