Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 February 2019

Thursday, 21 February 2019

Questions (22)

Dara Calleary

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad airgead a bheartaítear a chur ar fáil d’fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta 2018-2022; cé mhéad airgead a bheartaítear a chur ar fáil chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i ngníomh in 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8594/19]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 593 ar 19 Nollaig 2018 maidir leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht tras­Rannach ag an Straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm, dá réir, le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is ar mo Roinn-se atá an fhreagracht iomlán as cur chun feidhme na Straitéise a chomhordú.

Tá cur i bhfeidhm  na Straitéise agus, go deimhin, Plean Gníomhaíochta 2018-2022, d’fheidhmiú na Straitéise a foilsíodh  anuraidh lárnach  i gcláir  agus  i ngníomhaíochtaí éagsúla  mo Roinne mar a bhaineann le gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá maoiniú breise de €6.705m curtha ar fáil do mo Roinn i leith ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileánda don bhliain reatha.  Is fiú €55.522m dá réír an ciste iomlán airgid a bheidh le caitheamh sa réimse seo in 2019.  

San áireamh tá:

- Ciste faoi leith ar fiú €3.2m in iomlán curtha ar fáil in 2019 do chur i  bhfeidhm an phróisis pleanála teanga. Is ionann é seo agus ardú €0.55m thar an méid a bhí luaite leis an gciste seo in 2018. Caithfear an ciste ag tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas chomh maith le bearta sonracha a dhéanamh ar bhonn lárnach a bheidh ar  leas an phróisis - go háirithe mar a bhaineann sé le gnothaí  teaghlaigh, leis na luathbhlianta agus leis na healaíona tradisiúnta teangalárnaithe.

- €2m breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht bhreise a    dhéanamh  i gcothabháil agus i gcruthú fostaíochta i gceantair Ghaeltachta.  Anuas air sin, tá cinneadh tógtha agam suim de €0.7m nár chaith mo Roinn i 2018 a thabhairt ar aghaidh go 2019 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7m  á chur ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2019 le caitheamh ar thograí  fostaíochta.

- €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta chun tacú tuilleadh le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó.

- Leithdháileadh  breise de €0.980m faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga  sa Ghaeltacht.

- Suim bhreise de €700,000 le haghaidh Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

- Leithdháileadh breise de €1.433m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan a   fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh agus chun seirbhísí  ríthábhachtacha iompair chuig na hoileáin a sholáthar.

Sa bhreis ar  an soláthar de €55.522m atá luaite thuas, tá suim de €13.323m le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Tá na figiúirí seo faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.

Táim sásta dá réir go bhfuil cistíocht chuí curtha ar fáil chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta agus is féidir leis an Teachta  bheith cinnte de go mbainfear an leas is fear agus is féidir as an gciste suntasach sin ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Top
Share