Skip to main content
Normal View

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 February 2019

Thursday, 21 February 2019

Questions (31, 53)

Éamon Ó Cuív

Question:

31. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén comhráite a bhí aici le páirtithe leasmhara maidir le cinneadh HID Global athlonnú go cathair na Gaillimhe; cén toradh a bhí ar na cainteanna sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8508/19]

View answer

Catherine Connolly

Question:

53. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén ionchur a bhí ag a Roinn maidir leis an gcinneadh cuideachta (sonraí tugtha) a athlonnú ó shuíomh Údarás na Gaeltachta i gConamara go hoirthear chathair na Gaillimhe; cad iad sonraí na teagmhála idir an Roinn agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail [8684/19]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 31 agus 53 le chéile.

I dtús báire is mian liom a threisiú uair amháin eile go bhfuil an Rialtas seo tiomanta tacú le cruthú fostaíochta agus forbairt fiontair inár bpobail Ghaeltachta. Tá infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh san áireamh, ar ndóigh, chomh maith le tacaíocht do ghnóthaí agus fiontair dhúchasacha.

Ma is eol don Teachta, d’fhógair HID Global Ireland Teo. le gairid  go raibh cinneadh  déanta  acu  a nAonad Barr Feabhais Eorpach a bhunú i gCathair na Gaillimhe agus, mar thoradh air seo, a gcuid oibríochtaí a dhaingniú. De thoradh seo, táthar ag aistriú an lucht oibre atá ann cheana féin amach as an Tulaigh, Baile na hAbhann chuig ionad nua sa gcathair.

Mar atá ráite agam roimhe seo, ainneoin gur údar díomá é seo dom, tuigim nach mbeidh aon phost á chailliúint agus go mbeidh chuile fhostaí atá lonnaithe ar an Tulaigh faoi láthair in ann aistriú chuig an láithreán nua, mas mian leo sin a dhéanamh.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go ndearna siad gach iarracht chun láithreacht HID Global a choinneáil agus an fhorbairt nua a éascú ag an láthair i gConamara, áit a raibh comhpháirtíocht fhiúntach idir an eagraíocht agus an comhlacht le seacht mbliana déag anuas.

Sa gcomhthéacs sin, ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta gur tionóladh cruinniú i Meitheamh 2018 idir Údarás na Gaeltachta, an tÚdarás Forbartha Tionscail agus a gcuid máthair-Ranna agus na hAirí Humphreys agus McHugh, ar a d'fhreastail mé féin freisin. Reáchtáladh an cruinniú sin chun cumarsáid agus comhoibriú idir na gníomhaireachtaí a neartú. Sa gcomhthéacs sin, rinneadh plé ar HID Global, chomh maith le ceisteanna eile. Mar thoradh air seo agus cruinnithe breise, i mí na Nollag 2018, síníodh Prótacal Cumarsáide agus Rannpháirtíochta maidir le rannpháirtíocht chliant faoi seach idir Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás Forbartha Tionscail. 

Mar a thuigfidh an Teachta, is faoin gcomhlacht féin a bhí sé cinneadh a dhéanamh maidir le hinfheistíocht agus cá ndéanfaí amhlaidh agus, sa gcás seo, tá cinneadh déanta ag HID Global a gcuid oibríochtaí a aistriú go Cathair na Gaillimhe.

Is fiú a mheabhrú go bhfuil sé deimhnithe ag HID Global nach bhfuil siad ag fáil aon mhaoiniú ón Údarás Forbartha Tionscail maidir lena gcinneadh athlonnú go Cathair na Gaillimhe.

Ar deireadh, tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta, mar chuid dá straitéis leanúnach forbartha fiontair, i mbun oibre chun cliaint eile a aimsiú don áislann ar an Tulaigh agus go bhfuil an eagraíocht tiomanta forbairt bhreise a dhéanamh ar Pháirc Ghnó na Tulaí mar láthair fostaíochta.

Top
Share