I dtús báire, is mian liom aird an Teachta a tharraingt ar an bhfreagra a thug mé ar an gCeist tosaíochta faoin ábhar seo níos luaithe inniu. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú i rith an ama le gníomhaireachtaí Stáit eile mar a bhaineann sé le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht.
Lena chois sin tá an tÚdarás ag obair as lámha a chéile le Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí a thagann faoi scáth na heagraíochta sin ar fáil chomh maith do chliaint chomhlachtaí de chuid an Údaráis.
Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua go bhfuil Meamram Comhthuisceana i bhfeidhm le tamall de bhlianta anuas idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann, rud a chinntíonn go bhfuil fáil ag Comhlachtaí Gaeltachta ar scéimeanna éagsúla tacaíochta a chuireann Fiontraíocht Éireann ar fáil ar fud na tíre.
De thoradh seo agus, go deimhin, an comhoibriú leanúnach atá idir an dá eagraíocht, táim sásta go mbeidh fáil ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar na deiseanna agus na hacmhainní céanna atá agus a bheidh ar fáil do chomhlachtaí atá faoi scáth Fhiontraíocht Éireann mar thoradh ar Achtú an Bhille atá luaite ag an Teachta.
Ní call dom a rá go bhfuil teagmháil rialta idir feidhmeannaigh mo Roinnse agus feidhmeannaigh na Roinne Fiontraíochta, Gnó agus Nuálaíochta faoin ábhar seo agus go n-aithníonn an dá Roinn an gá go mbíonn Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann in ann na tacaíochtaí céanna a thairiscint dá gcuid cliantchomlachtaí faoi seach.