Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid atá curtha ar fáil d’ Údarás na Gaeltachta in 2019:
Údarás na Gaeltachta
|
2019
Reatha €000
|
2019
Caipitil €000
|
C6 - Reatha Riaracháin
|
€9,442
|
|
C7 - Reatha (Teangabhunaithe)
|
€3,850
|
|
C8 – Caipiteal
|
|
€9,700*
|
Iomlán
|
€13,292
|
€9,700
|
*Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith mo Roinn in 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7m á chur ar fáil ag mo Roinn don Údarás in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa bhfigiúr a sholáthraítear.
Ár ndóigh, sa bhreis air sin, ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil maoiniú de €3.86m san iomlán ceadaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do sheacht thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil maoiniú caipitil de €2m á chur ar fáil faoin gCiste Forbartha Réigiúnach chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.
leis an bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil gealltanas tugtha ann go méadófar, ar bhonn chéimiúil, buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana. Tá céim shuntasach tógtha ag an Rialtas chuige sin i mbliana le bunbhuséad na heagraíochta méadaithe ó €7m i 2018 go €9m i 2019. Tiocfaidh tuilleadh sonraí chun cinn maidir le maoiniú do thograí agus cláir ar leith, chomh maith le hamscála an chaiteachais ina leith, de réir mar a rachfar tríd an bpróiseas meastóireachta agus pleanála atá leagtha síos faoin gCód um Chaiteachas Poiblí.