Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 February 2019

Thursday, 28 February 2019

Questions (80)

Éamon Ó Cuív

Question:

80. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na socruithe atá déanta aige lena chinntiú go mbeidh soláthar cuí scoileanna ar fáil dóibh siúd ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá gcuid páistí; an bhfuil sé i gceist aige beartas a cheapadh don oideachas lán-Ghaeilge a chuimseoidh córais le freastal cuí a dhéanamh ar na beartais Stáit maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus an oideachais lán-Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10143/19]

View answer

Written answers

Mar chuid den straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030, geallann mo Roinn an méid seo a leanas a dhéanamh:

1. “Cruthófar deiseanna do leathnú ar an oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhthéacs na 42 scoil nua a bhunófar, agus bunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus Aonaid Lán­Ghaeilge mar chuid den phróiseas pátrúnachta nua san áireamh. Leanfar leis an gcomhoibriú le páirtithe leasmhara maidir le polasaí ina leith seo a fhorbairt ag an iar­bhunleibhéal.

In Aibreán 2018, fógraíodh go mbunófar 42 scoil nua i gcaitheamh ceithre bliana (2019 go 2022). Fógraíodh amhlaidh tar éis suirbhé déimeagrafach a rinne mo Roinn ar fud na tíre ar an ngá atá ann agus a bheidh ann le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Fógraíodh 26 bhunscoil nua agus 16 iar-bhunscoil nua.

Tá próiseas nua pátrúnachta ar líne curtha ar fáil ag mo Roinn trínar féidir eolas oibiachtúil a fháil agus trínar féidir le tuismitheoirí a sainroghanna maidir le pátrúnacht agus teanga theagaisc, is é sin Gaeilge nó Béarla, a chur in iúl i dtaobh gach ceann de na scoileanna nua seo. Cuirfear sainroghanna tuismitheoirí, mar aon le hábhair eile ar nós méid na héagsúlachta sa soláthar i gceantar ar leith (soláthar Gaeilge ina measc), san áireamh agus cinntí a ndéanamh ar phátrúnacht agus teanga na scoileanna.

Tar éis críoch a chur leis an bpróiseas pátrúnachta i gcás na 12 scoil nua a bhunófar i Meán Fómhair 2019, d’fhógair mé na pátrúin roghnaithe an tseachtain seo caite.

Is é an Foras Pátrúnachta a bheidh ina phátrún ar thrí cinn de na 13 bhunscoil a bhunófar in 2019, agus Gaelscoileanna a bheidh sna trí scoil sin.

Thug an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua ar aird ina dtuarascáil chugam mar chuid den phróiseas seo go bhfuil an Roinn ag dul chun cinn i gcónaí maidir le haird a thabhairt ar shainroghanna do scoileanna Gaeilge. Tá achoimre tugtha ag an Roinn don Ghrúpa ar an tslí ina bhféadfaí deiseanna breise a chur ar fáil chun an soláthar Gaeilge a leathnú, lena n-áirítear trí chaidreamh réamhghníomhach i dtaobh an éilimh a chothú le pátrúin Ghaeilge atá anois ann, agus an cumas atá ann chun scoileanna Gaeilge atá anois ann a leathnú agus/nó an gá atá le scoileanna nua.

Anuas ar na scoileanna nua Gaeilge a bhunófar i Meán Fómhair 2019, bunófar Gaelcholáiste Mhaigh Nuad i Meán Fómhair 2019 mar phobalcholáiste, faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin. Mar sin déanfar Gaelcholáiste neamhspleách den Aonad Gaeilge i bPobalcholáiste Mhaigh Nuad.

Bhí an Roinn i dteagmháil le Gaeloideachas agus le páirtithe leasmhara eile maidir le forbairt na nAonad, den uair dheiridh ag cruinniú ar an 13 Nollaig 2018, nuair a bhí rannóga éagsúla den Roinn i láthair mar aon le hionadaithe ó Ghaeloideachas agus ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

2. “Déanfar measúnú ar an éileamh ar sholáthar méadaithe do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge mar chuid den Phróiseas um Athchumrú Scoileanna d’Ilchineálacht lena náireofar suirbhéanna ar thuismitheoirí leanaí réamhscoile maidir leis an soláthar bunleibhéil ina gceantar le féachaint ar sholáthar níos ilchineálaí a chur ar fáil de réir roghanna na dteaghlach agus na bpobal sna scoileanna.”

Fógraíodh próiseas dar teideal An Próiseas um Athchumrú Scoileanna ar mhaithe leis an Éagsúlacht mar chabhair chun luas a chur le soláthar scoileanna il-sainchreidmheacha agus neamh-shainchreidmheacha i leith sprioc an Rialtais de 400 de na scoileanna sin a bheith ann faoi 2030. Is é aidhm na bpleananna nua scoileanna il-sainchreidmheacha agus neamh-shainchreidmheacha a chur ar fáil trí phátrúnacht a aistriú ó scoileanna atá anois ann. Cuid den phróiseas seo is ea an deis a thabhairt do scoileanna Béarla athrú go scoileanna Gaeilge, más é sin rogha shainráite tuismitheoirí agus an phobail áitiúil scoile. Tá Cuid 1 den chéim aitheantais i 16 cheantar tosaigh ag druidim chun deiridh. Iarrtar ar thuismitheoirí páistí réamhscoile cad é a sainrogha i dtaca le hoideachas il-sainchreidmheach/ neamh-shainchreidmheach agus anuas ar sin, iarrtar orthu cad í a sainrogha theanga theagaisc.

Is é cuspóir foriomlán Bheartas mo Roinne ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 an Ghaeilge a chur chun cinn mar phríomhtheanga na bpobal Gaeltachta trí oideachas Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil i scoileanna na Gaeltachta. Is léir a thiomanta atá mo Roinn i leith an cuspóir seo a shroicheadh ón dul chun cinn suntasach atá déanta chun an beartas a chur i ngníomh ón uair a foilsíodh é i nDeireadh Fómhair 2016 agus ón mbuiséad de €5 mhilliún, nó geall leis, a cuireadh ar fáil chun leanúint d’fheidhmiú an bheartais i 2019, méid atá a dhá oiread níos mó ná an t-airgead a cuireadh ar fáil in 2018. Ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo tá tús a chur le Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta, trína dtugtar acmhainní breise do scoileanna rannpháirteacha Gaeltachta chun tacú leo chun oideachas Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus tionscnaimh a fheidhmiú trína méadófar líon na múinteoirí nua agus na múinteoirí atá ann cheana féin a bhfuil ar a gcumas oideachas Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil, lena n-áirítear dhá cheann de chláir nua oideachais múinteoirí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i gColáiste Mhuire gan Smál agus in Institiúid Oideachais Marino. Mar aitheantas ar na dúshláin uathúla atá le sárú ag scoileanna oileáin agus a thábhachtaí atá siad i bpobail oileáin, tá pacáiste tacaíochtaí ar leith curtha ar fáil ag mo Roinn d’iar-bhunscoileanna oileáin. Áirítear ar an bpacáiste tacaíochtaí seo, atá á chur ar fáil mar chuid d’fheidhmiú an Bheartais ar Oideachas Gaeltachta anuas ar na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil tríd an Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta, méadú ar an leithdháileadh múinteoirí, buiséad breise de €15,000 sa bhliain do gach scoil agus Coláiste Naomh Eoin, a bhí ina Aonad Gaeilge roimhe seo, a ainmniú mar iar-bhunscoil neamhspleách.

Top
Share