Is éard a bhíonn i Scéimeanna Oibre amhail an Fhostaíocht Phobail (FP) ná tionscnaimh dhearfacha a chuireann ar chumas na ndaoine a bhíonn dífhostaithe go fadtéarmach a gcion a dhéanamh ar mhaithe lena bpobail le linn dóibh cur lena scileanna féin chun ullmhú i gcomhair na fostaíochta ionchais san am le teacht. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil an rannpháirtíocht sna scéimeanna seo ceaptha le maireachtáil go ceann téarma shocraithe shealadaigh agus ní poist inbhuanaithe lánaimseartha iad na háiteanna atá á dtairiscint. Críochnóidh an duine lena mbaineann i scéim Oileán na nÓg, Club Óige Chríost Rí, a teidlíocht ar 156 seachtaine sa scéim i Meitheamh 2019. Iarrfar an tráth sin duine chun teacht in ionad an duine reatha maidir leis an bpost atá á shealbhú aici faoi láthair. Fógrófar iarratais ar an bpost ar Jabanna Éireann (Jobsireland) agus tarlóidh an gnáthphróiseas earcaíochta i gcomhar le grúpa coimircíochta na Fostaíochta Pobail agus le seirbhís INTREO áitiúil na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.