Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 March 2019

Tuesday, 5 March 2019

Questions (609)

Aindrias Moynihan

Question:

609. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta eolas maidir leis na na nithe seo a leanas a thabhairt cothrom le dáta i dtáblaí (sonraí tugtha). [10452/19]

View answer

Written answers

Tá na sonraí atá iarrtha ag an Teachta leagtha amach sa tábla thíos:

Contae

Líon Iarratais Ceadaithe

Líon Iarratais nár Ceadaíodh

Iomlán an mhaoinithe a ceadaíodh 

Dún na nGall

1

0

€5,000

Maigh Eo

0

0

0

Gaillimh

2

0

€10,000

Ciarraí

0

0

0

Corcaigh

0

0

0

Port Láirge

0

0

0

An Mhí

0

0

0

Iomlán

3

0

€15,000

Mar atá ráite agam roimhe seo, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn siad ag bualadh lena gcuid cliantchomhlachtaí go rialta chun aon ábhar imní i dtaca leis an mBreatimeacht a phlé agus chun tacú le comhlachtaí agus iad a spreagadh le hanailís a dhéanamh ar thacaíochtaí margaíochta agus forbairtí straitéiseacha ar a ngnó a phlé.

Ar ndóigh, san idirbheartaíocht leanúnach atá ar siúl ag an Údarás lena gcliaint, tá gach comhlacht curtha ar an eolas faoina scéimeanna atá ar fail, ach is beag comhlachtaí atá ag baint leasa as an scéim ‘Bí Réidh’ féin.

Tuigim go bhfuil an líon beag iarratas a fuarthas faoi scéim ar aon dul leis an éileamh go ginearálta atá faighte ag Fiontraíocht Éireann ar a macasamhail de scéim Be Prepared. 

É sin ráite, tuigim go bhfuil leas agus spéis bainte ag cliaint an Údaráis as scéimeanna eile atá ar fáil dóibh agus ceadaíodh €1.8m de thacaíocht in iomlán in 2018 do scéimeanna i leith Taighde & Forbairt, Rochtain ar Mhargaí, Tacaíocht d’Eochair Phostanna agus an Scéim Céimithe.

Top
Share