Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 March 2019

Tuesday, 5 March 2019

Questions (612)

Éamon Ó Cuív

Question:

612. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén chaoi a roinneadh an €500,000 breise a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le haghaidh comharchumainn agus eagraíochtaí pobalbhunaithe do 2019; cén méid breise a tugadh do gach eagraíocht faoi leith agus cén bunús a bhí leis an gcinneadh i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10554/19]

View answer

Written answers

Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina thaobh sin, ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.85 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfómhír seo do 2019 – sin allúntas reatha breise de €500,000 i mbliana.

Tuigim go bhfuil buiséad iomlán de €4.225m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2019. San áireamh sa gclár seo, bíonn soláthar maoinithe bhliantúil d’fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR, Ealaín (na Gaeltachta) CTR agus do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta CTR chomh maith le deontais reáchtála na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí forbartha pobail. Ciallaíonn sé seo go bhfuil méadú de €530,000 tagtha ar an mbuiséad atá á chur ar fáil don chlár seo do 2019 agus sonraithe sa tábla thíos.

Tá briseadh síos ar an leithdháileadh atá déanta ar an mbuiséad de €4.225m atá ceadaithe ag Bord an Údaráis (a fógraíodh go poiblí ar 1 Márta) leagtha amach sna táblaí thíos.

An Ciste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail 2019

 -

2019

Méadú

 -

Soláthar

 

 -

Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR

535,000

-

Muintearas CTR

630,000

25,000

Ealaín (na Gaeltachta) CTR

357,000

15,000

Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP)

140,000

-

Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Buanaithe Teanga

102,000

-

Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha

100,000

15,000

Soláthar do bhunú gréasán gteic

35,000

35,000

An Scéim Fiontar Pobail

50,000

2,000

Deontas Reáchtála na nEagras Pobail

2,276,000

438,000

Iomlán

€4,225,000

€530,000

Eagras Pobail

Soláthar

2018

Soláthar

2019

Dún na nGall

 

 

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

€90,000

€107,000

Comharchumann Thoraí Teo

€90,000

€107,000

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo.

€63,000

€73,500

Comharchumann na nOileán Beag Teo.

€32,000

€36,000

Lár Chomhairle Paróiste Gleann Cholm Cille CTR

€50,000

€60,500

Céim Aniar CTR

€58,000

€66,000

Pobal Eascarrach CTR

€38,000

€47,000

Forbairt Eachla CTR

€30,000

€48,000

Le bunú – Fánaid *

€10,000

€40,000

Iomlán - Dún na nGall

 

 €585,000

Maigh Eo

 

 

Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla CTR

€73,000

€85,000

Comhar Dún Chaocháin Teo

€46,000

€50,000

Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim   Teo.

€52,000

€61,000

Coiste Cultúr Teanga & Forbartha T.M.E Teo

€39,000

€59,000

Iomlán - Maigh Eo

 

€255,000

Gaillimh

 

 

Comhar Caomhán Teo.

€90,000

€107,000

Comharchumann Forbartha Árann Teo.

€97,000

€107,000

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.

€59,000

€69,000

Comharchumann Shailearna Teo.

€62,000

€71,000

Comhairle Ceantar na nOileán CTR

€52,000

€62,500

Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo**

€0

€35,000

Forbairt Chonamara Láir Teo

€58,000

€67,500

Comharchumann Mhic Dara Teo.

€58,000

€69,000

Comhlacht Forbartha An Spidéil CTR

€38,000

€45,000

Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn CTR

€38,000

€47,500

Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR

€80,000

€104,000

Comhar Chuigéil (Leitir Mealláin) Teo

€38,000

€42,000

Iomlán - Gaillimh

 

€826,500

An Mhí

 

 

Comharchumann Ráth Chairn Teo.

€59,000

€68,500

Iomlán – An Mhí

 

€68,500

Ciarraí

 

 

Comharchumann Forbartha Léith Triúigh Teo.

€60,000

€67,500

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

€74,000

€86,000

Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR***

€61,000

€101,000

Forbairt na Dromada Teo.

€49,000

€56,500

Iomlán - Ciarraí

 

€311,000

Corcaigh

 

 

Comharchumann Chléire Teo.

€90,000

€106,000

Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.

€50,000

€60,000

Iomlán - Corcaigh

 

€166,000

Port Láirge

 

 

Comhlucht Forbartha na Déise CTR

€54,000

€64,000

Iomlán – Port Láirge

 

€64,000

 

Soláthar Iomlán

 

€1,838,000

 

€2,276,000

*     I 2018 ceadaíodh soláthar le tacú le heagras pobail nua a bhunú le freastal ar cheantar na Gaeltachta Láir i dTír Chonaill agus bunaíodh an comhlacht Forbairt Eachla CTR.

Tá soláthar de €40,000 ceadaithe anois freisin le tabhairt faoi chéimeanna le heagraíocht forbartha pobail nua a bhunú i bhFánaid agus beidh céimeanna á dtógáil chuige sin in 2019.

**   Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo. (C.S.C. Teo.) Le roinnt míonna anuas tá athstruchtúrú iomlán déanta ar C.S.C. Teo. agus tá coiste nua tofa le tacaíocht iomlán ó bhaill an Chomharchumainn. Tá plean forbartha curtha le chéile chun sástachta na mbaill agus tá gá le bainisteoir/ Oifigeach Forbartha a fhostú le cuidiú leis an gComharchumann a phleananna forbartha a chur i bhfeidhm. Tá deontas reáchtála €35,000 ceadaithe don gcomharchumann pobail seo atá ag tabhairt deis d’iascairí agus d’fheirmeoirí beaga atá lonnaithe i gceantar tearcfhorbartha breis airgid a shaothrú agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar an acmhainn luachmhar seo. Tá forbairt acmhainní mara aitheanta mar chuid lárnach de straitéis forbartha Údarás na Gaeltachta. Sa gcomhthéacs seo beifear ag díriú ar fhorbairt na hacmhainne sliogéisc i gcuan Chill Chiaráin mar chuid thábhachtach agus luachmhar den acmhainn sin.

 **  Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR. Anuas ar an soláthar breise atá ar fáil do Chomhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR faoi na critéir thuasluaite, tá maoiniú breise ceadaithe don eagras le tacú le Bainisteoir Tionscnaimh a fhostú le tabhairt faoin chlár oibre atá ag éirí as tuairisc Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh agus mar pháirt mhaoiniú ar an dtacaíocht a ceadaíodh le gairid faoin gCiste um Athghiniúint Réigiúnach.

Maidir leis na deontais  atá ceadaithe  do na nEagrais Forbartha Pobail tuigim go bhfuil méadú buiséid i gceist do gach eagras i 2019 agus  go bhfuil  an soláthar do gach eagras bunaithe ar chlár oibre agus gníomhaíochtaí faoi leith atá agus a bheidh idir lámha ag na heagrais. Cuireadh na méadaithe buiséid i bhfeidhm de réir critéir sonrach ag brath ar chúinsí agus rannpháirtíocht na n-eagras i ngníomhaíochtaí mar seo leanas:

- Freagrach as ullmhú/feidhmiú pleananna teanga

- Ag cur scéim pinsin ar fáil do na bainisteoirí

- Eagras ar Oileán

- Forbairt ar Thograí Nua

- Clár Oibre agus Acmhainn Foirne Lánaimseartha a éascú

Top
Share