Fuair mo Roinn fógra i mí Meithimh na bliana seo caite go raibh beartaithe ag Galway Aviation Services Limited tarraingt amach as an gconradh a bhí acu chun seirbhís aeir a chur ar fáil idir an mórthír agus na hOileáin Árann agus as an gconradh faoina gcuireann an comhlacht Aerfort Chonamara ar fáil don tseirbhís. Ar ndóigh, chruthaigh sé seo deacracht ó thaobh todhchaí na seirbhíse de agus b’éigean do mo Roinn gníomhú chun a chinntiú nach mbeadh briseadh sa tseirbhís. Tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil, socraíodh conradh sealadach aeir suas go dtí 30 Meán Fómhair 2019 agus ag eascairt as comhráití idir mo Roinn agus an cuideachta, síníodh ceannteidil comhaontaithe idir na páirtithe faoina bhféadfaí tabhairt faoi phróiseas a thabharfadh deis do mo Roinn breathnú ar na féidearthachtaí Aerfort Chonamara a cheannach. Aontaíodh chomh maith go gcuirfi síneadh leis an gcomhaontú faoina gcuirtear Aerfort Chonamara ar fáil don tseirbhís suas go dtí Meán Fómhair 2021. Tá an próiseas maidir le ceannach an aerfoirt ag leanúint ar aghaidh ach níl aon toradh air go fóill. Is gá a lua chomh maith go mbeidh aon socrú maidir le ceannach na saoráide le meas i ndáil le riachtanais an chóid caiteachais phoiblí.
Cé go bhfuil an cheist shimplí, níl an próiseas simplí. Tá an próiseas ag leanúint ar aghaidh, áfach, agus tá dul chun cinn déanta. Tháinig an dá thaobh le chéile. Bhí plé maidir le luach an tsuímh nó aerfort don Roinn agus dá úinéirí. Tá plé ar bun faoi láthair chun teacht ar phraghas agus nuair atá an praghas sin aontaithe liom agus le mo Roinn, pléifear é ag leibhéal an Rialtais. Tá an próiseas ag dul ar aghaidh. Caithfimid fanacht go dtí go mbeidh rudaí socraithe maidir leis an bpraghas.