Skip to main content
Normal View

Earcaíocht sa Gharda Síochána

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 May 2019

Tuesday, 21 May 2019

Questions (323)

Éamon Ó Cuív

Question:

323. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cé mhéad iarratas a fuarthas sa trí bhabhta dheireannacha earcaíochta a bhí ag an nGarda Síochána; cén líon acu seo i ngach cás a bhain leis an ngnáthshruth earcaíochta agus cén líon acu a bhain leis an sruth sainiúil Gaeilge; cén líon iarratasóirí ar éirigh leo as gach sruth i ngach babhta earcaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22075/19]

View answer

Written answers

Tá earcaíocht don Gharda Síochána faoi rialú Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin), 2013. Déanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), thar ceann Choimisinéir na nGardaí, na céimeanna earcaíochta tosaigh a bhaineann le roghnú Gardaí faoi Oiliúint a bhainistiú, agus is é nó í an Coimisinéir a bhainistíonn na céimeanna deiridh den phróiseas earcaíochta, ina ndéantar iarrthóirí a ghrinnfhiosrú agus ina ndéanann siad tástáil inniúlachta fisiciúla maille le scrúdú liachta. Níl aon bhaint dhíreach agamsa, mar Aire, leis an ábhar.

Faoi mar is eol don Teachta, tá clár earcaíochta luathaithe don Gharda Síochána ag dul ar aghaidh d’fhonn 15,000 Garda a bhaint amach mar chuid d’fhórsa saothair foriomlán Gardaí ina mbeadh 21,000 duine faoi 2021.

Clár uaillmhianach earcaíochta atá anseo agus beidh píblíne leanúnach d’iarrthóirí oiriúnacha ag teastáil chuige sin. Chun freastal ar an riachtanas sin reáchtáil an Garda Síochána sé fheachtas earcaíochta ó Nollaig 2013 i leith, lena n-áirítear an feachtas earcaíochta is déanaí, ar tháinig deireadh leis mí Abreáin. Tá curtha in iúl dom ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an Garda Síochána lántiomanta dá n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. I dtaca leis sin de, áiríodh i bhfeachtais earcaíochta a reáchtáladh le déanaí sain-sruth Gaeilge i gcomhair cainteoirí líofa Gaeilge ar daoine iad a chomhlíonann na critéir incháilitheachta eile go léir don chomórtas earcaíochta, chomh maith. Ceanglaítear ar iarrthóirí a dhéanann iarratas faoin sruth sin gnéithe áirithe roghnúcháin a dhéanamh trí Ghaeilge – mar shampla, agallamh atá bunaithe ar inniúlacht, maille le tástáil Gaeilge scríofa. Déantar iarrthóirí a n-éiríonn leo as na sruthanna sin a shannadh do limistéir Ghaeltachta ar feadh tréimhse ama arna cinneadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána. Leagtar amach anseo thíos na figiúirí is déanaí i leith iarratas a fuarthas i leith an tSrutha Ghinearálta agus i leith Shruth na Líofachta sa Ghaeilge araon maidir le comórtais 2016, 2017 agus 2018, arna soláthar dom ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Comórtas

An líon iarratas a fuarthas

(a bheag nó a mhór)

 

Gardaí faoi Oiliúint 9/2016

 

An Sruth Ginearálta

5100

Sruth na Líofachta sa Ghaeilge

120

 

 

 

Gardaí faoi Oiliúint 2017

 

An Sruth Ginearálta

5300

Sruth na Líofachta sa Ghaeilge

115

 

 

 

Gardaí faoi Oiliúint 2018

 

An Sruth Ginearálta

6200

Sruth na Líofachta sa Ghaeilge

185

 

 

Tá curtha in iúl dom ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil na céimeanna deiridh den phróiseas earcaíochta, ina ndéantar iarrthóirí a ghrinnfhiosrú agus ina ndéanann siad tástáil inniúlachta fisiciúla maille le scrúdú liachta, arna mbainistiú ag an gCoimisinéir, curtha i gcrích go rathúil ag 12 iarratasóir ar Shruthanna na Líofachta sa Ghaeilge i gcomórtais sna blianta 2016 agus 2017 go n-uige seo. Tá roinnt iarratasóirí ó shruth 2018 na Líofachta sa Ghaeilge agus ó fheachtais earcaíochta roimhe sin atá á bpróiseáil i gcónaí. Tá obair ar siúl, chomh maith, sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i ndáil le feachtas 2109, ar tháinig deireadh leis mí Aibreáin. Níl mionsonraí i ndáil leis an bhfeachtas sin ar fáil go fóill.

Faoi réir formheasa deiridh ón nGarda Síochána, déantar iarrthóirí a n-éiríonn leo ó na feachtais sin a bhreithniú ar dtús maidir le daoine a ghlacadh isteach i gColáiste na nGardaí, de réir áit an iarrthóra san Ord Fiúntais. Níl aon fhráma réamhshocraithe ama ann do thairiscintí d’iarratasóirí mar go bhfuil sé sin ag brath ar a gcomhaid a bheith comhlánaithe go hiomlán agus ar na dátaí chun daoine a ghlacadh isteach i gColáiste na nGardaí. Fanann na hiarratasóirí go léir ar an bpainéal go dtí pé am a ndéantar áit i gColáiste na nGardaí a thairiscint dóibh, ach amháin na daoine a mheastar a bheith mí-oiriúnach, na daoine a dteipeann orthu sa Tástáil Liachta nó sa Tástáil Inniúlachta Fisiciúla (TIF) nó a tharraingíonn siar as an gcomórtas. Meastar go bhféadfaidh sé go rachaidh iarratasóirí a n-éiríonn leo ón bhfeachtas earcaíochta a bhí ann le déanaí isteach i gColáiste na nGardaí ó thart ar lár 2020.

Top
Share