Skip to main content
Normal View

Limistéir Pleanála Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 May 2019

Tuesday, 21 May 2019

Questions (684)

Catherine Connolly

Question:

684. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon pleananna teanga a dhíríonn ar na Limistéir Pleanála Teanga atá ceadaithe ag an bpointe seo; an ndéanfaidh sí ainmneacha na limistéar cuí a thabhairt; cén líon pleanálaithe teanga atá ceaptha chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21408/19]

View answer

Written answers

Tá ullmhú nó feidhmiú pleananna teanga idir lámha i gcás gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá pleananna ceadaithe faoin bpróiseas go dáta i leith 14 den 26 LPT eadhon:

- Cois Fharraige;

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

- Cloch Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

- Na Déise;

- Múscraí;

- Ciarraí Theas;

- Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh;

- Ciarraí Thiar;

- Maigh Eo Thuaidh;

- Árainn Mhór;

- An Cheathrú Rua;

- Ráth Chairn & Baile Ghib;

- Conamara Láir; agus,

- Dún na nGall Theas

Tá dhá phlean eile curtha faoi bhráid na Roinne agus iad á mheas faoi láthair chun críche aitheantais:

- Ceantar na nOileán; agus,

- Tuaisceart Dhún na nGall

Go dáta tá 11 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga ceaptha ag ceanneagraíochtaí na limistéar pleanála teanga faoi seach chun na pleananna ceadaithe a chur i bhfeidhm.

Tá cistíocht faoi leith ar fiú €3.2m in iomlán curtha ar fáil i 2019 chun freastal a dhéanamh ar fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga, idir phleananna a ullmhú, fheidhmiú pleananna agus bhearta tacaíochta eile don phróiseas pleanála teanga i gcoitinne.

Top
Share